1 of 3

SA STÁBLA SA MHAINSÉAR

Sa stábla, sa mháinséar,

tá naíonán 'na luí,

An naíonán beag Íosa

‘bhéas fós linn mar rí.

Tá réaltaí ag soilsiú

go hard insan spéir,

Ar an leanbh beag Íosa

ina luí sa mháinséar.

Author unknown

1

2 of 3

SA STÁBLA SA MHAINSÉAR

Tá ciúnas mór thimpeall;

tá draíocht san aer!

Tá aoibhneas is áthas

ar an domhan go léir.

Tá Aingil na bhFlaithis

ag síor-mholadh Dé.

Ard-mholadh d'Íosa,

don leanbh beag glé.

Author unknown

2

3 of 3

SA STÁBLA SA MHAINSÉAR

Bí linne, a Íosa;

bí linne go deo.

Bí linne san oíche;

bí linne sa ló.

Tabhair grá do do pháistí;

tabhair grá dúinn go síor.

Agus bímis dílis;

bímis dílis go fíor.

Author unknown

3