Spriocdháta don bhfoirm iarratais agus íocaíocht: 2ú Meán Fómhair ag a 5in
Beidh ranganna amhránaíochta do dhaltaí bunscoile, ranganna 3-6, ag tosú Dé Céadaoin, an 4ú Meán Fómhair, ar feadh 10 seachtaine. Beidh na ranganna á reáchtáil in Áras Pobail Ráth Chairn óna 3.00in - 4.00in gach seachtain.
Costais iomlán: 20 euro (Tá an cúrsa seo páirt-mhaoinithe ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí)
Ní mór an costas a íoc isteach i gcuntas bainc Chomharchumann Ráth Chairn faoin spriocdháta agus tagairt a dhéanamh d'ainm an pháiste leis an aistriú. Is féidir seic, ordú poist nó airgead tirim a sheoladh chuig Áras Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, C15 H6WY chomh maith.
Comharchumann Ráth Chairn
IBAN: IE92BOFI90319732821743
BIC: BOFIIE2D
Ní mór do dhaltaí/rannpháirtithe a ghlacann páirt in imeachtaí in Áras Pobail Ráth Chairn cloí leis na rialacha seo a leanas:
* Níl cead ag éinne an foirgneamh a fhágáil gan
cead a fháil ón múinteoir/áisitheoir/ceannairí agus caithfidh tuismitheóir/caomhnóir a bheith
ansin len iad a thabhairt abhaile;
* Caithfidh gach Ball siniú isteach; Beidh
leabhar siniú ag an doras isteach;
* Is í an GHAEILGE
teanga labhartha Áras Pobail Ráth Chairn agus níl cead aon teanga eile a usáid le linn
imeachtaí san Áras.
* IOMPAR: Ní ghlacfar le híde béal, cur as d’obair na n-oibrithe, briseadh treallamh nó
aon damáiste eile nó a bheith ag crochadóireacht thart taobh amuigh den
bhfoirgneamh nuair a bhíonn imeachtaí ar bun;
* Ní mór do dhaltaí/rannpháirtithe meas a léiriú do na múinteoirí/áisitheoirí/cinnirí i
gconaí agus taispeánann muid ar fad meas dá chéile i gconaí;
* Má tá fadhb sláinte ag aon dalta/rannpháirtí, ní mór é seo
a chur in iúl do mhúinteoirí/áisitheoirí/chinnirí;
* Caithfidh an fón póca a bheith casta as nuair
a bhíonn imeachtaí ar bun;
* Tá gach duine freagrach as sábháilteacht agus
coimead an árais;
* Tá cosc ar ghuma
coganta;
* Tá cosc ar fhoréigean
agus ar chaint shalach;
* Níl cead dul ag an siopa nuair a bhíonn imeachtaí ar siúl;
* Níl cead ag aon dalta/rannpháirtí cuairteoir a thabhairt chuig imeachtaí san áras gan cead a fháil ó mhúinteoirí/áisitheoirí/chinnirí ar dtús. Níl cead ag éinne nach bhfuil cláraithe d'imeachtaí a theacht isteach.
* Caithfidh na daltaí/rannpháirtithe glanadh suas i ndiaidh
imeachtaí;
* Caithfidh gach dalta/rannpháirtí glacadh le treoracha na
n-oibrithe;
* Ní bheidh Comharchumann Ráth Chairn freagrach as aon
ghléasanna soghluaiste, mar shampla: fónanna póca, iPods, srl, a chailltear nó a
ndéantar dochar nó damáiste de le linn uaireanta imeachtaí;
* Níl aon chineál tromaíochta (Bullying) ná maistíneachta ceadaithe.