Roinn a Trí: Pleanáil don Ionchuimsitheacht
Is cuid a trí í seo de cheithre chuid den FGL féinstiúrtha ar Chláir Foghlama Leibhéal a Dó (CFL2nna) agus Oideachas Ionchuimsitheach do Mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí.

Meastar go mbeifear réidh leis an rannóg seo den FGL laistigh de 15 nóiméad.

Is iad na hintinní foghlama don chuid seo:

- a bheith eolach ar an struchtúr agus ar na mionsonraí in aonad foghlama atá deartha chun go mbeidh torthaí foghlama ann ó ATFnna Leibhéal 2 agus ó Shonraíocht Mhatamaitice Leibhéal 3 araon
- a mheabhrú conas is féidir tascanna a dhearadh, a fhoinsiú agus / nó a chur in oiriúint chun deis foghlama oiriúnach agus dhúshlánach a chur ar fáil ag Leibhéal 2 agus ag Leibhéal 3 araon

Sa chuid seo, beidh deis agat aonad foghlama a scrúdú a chuimsíonn torthaí foghlama do chláir Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 araon agus tasc staitisticí a scrúdú atá ag teacht leis an bpríomhfhoghlaim, measúnú leanúnach agus fianaise ar fhoghlaim leagtha amach san aonad.

Níl an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí ag taifeadadh ná ag bailiú aon sonraí pearsanta.

Sign in to Google to save your progress. Learn more
Next
Clear form
This form was created inside of JCT Support. Report Abuse