Ranganna amhránaíochta - daltaí meánscoile
Spriocdháta don bhfoirm iarratais agus íocaíocht: 2ú Meán Fómhair ag a 5in

Beidh ranganna amhránaíochta do dhaltaí meánscoile, blianta 1-6, ag tosú Dé Céadaoin, an 4ú Meán Fómhair, ar feadh 10 seachtaine. Beidh na ranganna á reáchtáil in Áras Pobail Ráth Chairn óna 4.00in - 5.00in gach seachtain. 

Costais iomlán: 20 euro (Tá an cúrsa seo páirt-mhaoinithe ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí)

Ní mór an costas a íoc isteach i gcuntas bainc Chomharchumann Ráth Chairn faoin spriocdháta agus tagairt a dhéanamh d'ainm an pháiste leis an aistriú. Is féidir seic, ordú poist nó airgead tirim a sheoladh chuig Áras Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, C15 H6WY chomh maith.

Comharchumann Ráth Chairn
IBAN: IE92BOFI90319732821743
BIC: BOFIIE2D

Ní mór do dhaltaí/rannpháirtithe a ghlacann páirt in imeachtaí in Áras Pobail Ráth Chairn cloí leis na rialacha seo a leanas:

*     Níl cead ag éinne an foirgneamh a fhágáil gan cead a fháil ón múinteoir/áisitheoir/ceannairí agus caithfidh tuismitheóir/caomhnóir a bheith ansin len iad a thabhairt abhaile;

*     Caithfidh gach Ball siniú isteach; Beidh leabhar siniú ag an doras isteach;

*     Is í an GHAEILGE teanga labhartha Áras Pobail Ráth Chairn agus níl cead aon teanga eile a usáid le linn imeachtaí san Áras. 

*     IOMPAR: Ní ghlacfar le híde béal, cur as d’obair na n-oibrithe, briseadh treallamh nó aon damáiste eile nó a bheith ag crochadóireacht thart taobh amuigh den bhfoirgneamh nuair a bhíonn imeachtaí ar bun;

*     Ní mór do dhaltaí/rannpháirtithe meas a léiriú do na múinteoirí/áisitheoirí/cinnirí i gconaí agus taispeánann muid ar fad meas dá chéile i gconaí;

*     Má tá fadhb sláinte ag aon dalta/rannpháirtí, ní mór é seo a chur in iúl do mhúinteoirí/áisitheoirí/chinnirí;

*     Caithfidh an fón póca a bheith casta as nuair a bhíonn imeachtaí ar bun;

*     Tá gach duine freagrach as sábháilteacht agus coimead an árais;

*     Tá cosc ar ghuma coganta;

*     Tá cosc ar fhoréigean agus ar chaint shalach;

*     Níl cead dul ag an siopa nuair a bhíonn imeachtaí ar siúl;

*     Níl cead ag aon dalta/rannpháirtí cuairteoir a thabhairt chuig imeachtaí san áras gan cead a fháil ó mhúinteoirí/áisitheoirí/chinnirí ar dtús. Níl cead ag éinne nach bhfuil cláraithe d'imeachtaí a theacht isteach. 

*     Caithfidh na daltaí/rannpháirtithe glanadh suas i ndiaidh imeachtaí;

*     Caithfidh gach dalta/rannpháirtí glacadh le treoracha na n-oibrithe;

*     Ní bheidh Comharchumann Ráth Chairn freagrach as aon ghléasanna soghluaiste, mar shampla: fónanna póca, iPods, srl, a chailltear nó a ndéantar dochar nó damáiste de le linn uaireanta imeachtaí;

*     Níl aon chineál tromaíochta (Bullying) ná maistíneachta ceadaithe.r

Sign in to Google to save your progress. Learn more
Sonraí an dalta/Pupil's details

Ainm an dalta/Pupil's name *
Seoladh/Address *
Bliain ar scoil/Year at school *
Inscne/Gender *
Sonraí an tuismitheora/Parent's details
Ainm an tuismitheora/Parent's name
*
Uimhir teagmhála an tuismitheora/Parent's phone number
*
Seoladh ríomhphoist an tuismitheora/Parent's email address
*
An bhfuil aon ailléirgí nó riachtanais speisialta ag do pháiste? (msh. tinnis, ADS)/Does your child have any allergies or special needs? (eg. illnesses, ADS)
*
Aon eolas tábhachtach eile/Any other important information
Tríd an bhfoirm seo a líonadh isteach agus í a sheoladh, léirím go dtuigim rialacha Áras Pobail Ráth Chairn agus tugaim cead do mo pháiste freastal ar an imeacht seo ar an mbunús sin/
By filling in this form and sending it, I am demonstrating my understanding of the rules of Áras Pobail Ráth Chairn and I allow my child to attend this event on that basis.
*
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This form was created inside of Gaeltacht na Mí. Report Abuse