#TóraíochtTaisce don Teaghlach
Tá tuath na hÉireann lán de sheoda agus taiscí áille. Seo deis duitse agus dod' theaghlach aithne níos fearr a chur ar bhur gceantar-sa le #ToraíochtTaisce don Teaghlach. Caith uair a chloig ag spaisteoireacht go háitiúil leis na leanaí i gceann de na háiteanna ar an liosta thíos. Is féidir 4 thóraíocht éagsúil ar fad a dhéanamh, idir seo agus an 16 Lúnasa 2020.

Má éiríonn libh 3 #TóraíochtTaisce a dhéanamh, cuirfear bhur dteaghlach i hata chun beart leabhrán 'Eolaí Póca' ar an dúlra a bhuachaint. Ní gá ach bileog tóraíochta (thíos) a líonadh do gach tóraíocht agus í a chur chugainn le cúpla grianghraf go leictreonach.

Is féidir siúlóidí, fásra, ainmhithe agus struchtúir i do cheantar-sa a roinnt le teaghlaigh eile ar na meáin shóisialta ach #TóraíochtTaisce a chur le bhur ngrianghrafanna.

Bainigí súp, sásamh agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg ann! Scéim í seo de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar leis na hOifigigh Pleanálaithe Teanga.

Bígí linn - bíonn siúlach scéalach.
Ainm an Teaghlaigh *
Roghnaigh #TóraíochtTaisce don teaghlach (is féidir an bhileog seo a úsáid arís do thóraíocht eile) *
Ainm na háite *
An limistéir Gaeltachta *
Aimsigh agus ainmnigh
Aimsigh taisce nó dhó ar bhur siúlóid agus ainmnigh anseo thíos iad. Is féidir ainmneacha áitiúla a úsáid nó dul go tearma.ie , logainm.ie , dúchas.ieteanglann.ie
Fásra - bláth, crann, caonach, feamainn srl.
Ainmhí - éan, ainmhí, iasc nó feithid srl.
Logainm - áiteanna in aice na siúlóide seo
Struchtúr - túr, fothrach, ionad srl. in aice na siúlóide seo
Eolas nó scéal suimiúil faoin áit seo
Rud deas nó greannmhar a tharla ar an #TóraíochtTaisce seo
I ndiaidh na tóraíochta (roghnach)
Iarr ar na leanaí 'Pictiúr den Tóraíocht' a tharraingt, rud éigin a thaithin leo ar an lá, agus ainm a chur leis. Ansin glac grianghraf den 'Pictiúr den Tóraíocht' agus seol chugainn é.
Seol do chuid grianghrafanna le hainm an teaghlaigh go eolas@tuismitheoirí.ie agus más giolcáilí tú, cuir #TóraíochtTaisce le do chuid giolcanna.
An tSiúlóid
Fásra
Ainmhí
Struchtúr
Pictiúr den Tóraíocht
An Tóraíocht
Tugaim cead úsáid a bhaint as mo chuid grianghrafanna don togra seo.
Ar mhaith leat clárú le Tuismitheoirí na Gaeltachta le níos mó eolais a fháil faoi imeachtaí & scéimeanna na heagraíochta? *
Do sheoladh ríomhphoist
Submit
Never submit passwords through Google Forms.
This form was created inside of Tuismitheoirí na Gaeltachta. Report Abuse