Na Réalta sa Bhéaloideas le Seán Mac an tSíthigh
*Tús á chur le liosta feithimh- 29ú Samhain 2023*

Bígí linn nuair a thaispeánfaidh Seán Mac an tSíthigh na reithlíní agus na réaltbhuíonta dúinn i gCorca Dhuibhne, i gcomhthéacs an chultúir agus an bhéaloidis. 

Dáta: Aoine, an 8ú Nollaig
Áit: Casadh na Gráige, Ceann Sraithe, An Ghráig. 
Am: 19:00 

I gcás drochaimsire, beidh an ócáid ar siúl againn i sáipéal Dhún Chaoin

I ndiaidh thaispeántais Sheáin, raghaimid ar aghaidh siar go Tigh Kruger i nDún Chaoin, áit a bheidh deoch na Nollag agus greim bídh ar fáil saor in aisce do gach éinne a chláraíonn. 

Imeacht fé'n aer é seo ar Cheann Sraithe. Beidh sé gaofar  & dorcha agus beimid ag siúl píosa beag ar thalamh sléibhe a bheidh géar, míchothrom. Mar sin, beir leat casóg cheart, tóirse / solas, agus bróga cuí. Muna mbeidh páirceáil ar fáil ag Casadh na Gráige, is féidir le daoine na cairteacha a fhágaint ag Tráigh Chloichir agus síob suas a fháilt. 

Is ócáid tré mheán na Gaelainne í seo eagraithe ag Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar. Spásanna teoranta. 
Sign in to Google to save your progress. Learn more
Email *
D'ainm
Do sheoladh
Uimhir fóin
Cé mhéad agaibh a bheidh leat?
Tarscaoileadh / Waiver
Tuigim go bhféadfadh sé a bheith dainséarach a bheith páirteach san imeacht seo agus nár cheart dom cur isteach air ná a bheith páirteach ann mura bhfuil mé ábalta ó thaobh sláinte de. 

Táim ar an eolas chomh maith agus glacaim le gach baol a bhaineann le bheith páirteach san imeacht seo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do thitim, tionchar na haimsire, trácht agus an bhail atá ar an mbóthar/cosán. 

A mhéid a bhaineann liom féin, agus le mo chuid oidhrí agus seiceadóirí, déanaim tarscaoileadh, saoradh agus urscaoileadh síoraí a thabhairt leis seo do Thobar Dhuibhne/Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, do na hurraitheoirí, do na tionscnóirí agus do gach duine dá ngníomhairí, dá n-ionadaithe, dá gcomharbaí agus dá sannaithe, agus do gach duine eile a bhfuil baint acu leis an imeacht, i leith mo chuid dliteanais, éileamh, gníomhartha nó damáistí go léir a d’fhéadfadh a bheith agam ina gcoinne agus a éiríonn as mo rannpháirtíocht san imeacht seo nó a bhfuil baint d’aon saghasacu leis an imeacht seo.

Tuigim go n-áirítear sa tarscaoileadh seo aon éilimh, cibé a tharla de bharr faillí, mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh aon cheann de na páirtithe thuasluaite, nó seachas sin.

Tugaim cead iomlán leis seo d'aon cheann de na páirtithe thuas agus do na páirtithe go léir thuas úsáid a bhaint as aon grianghraif, fístéipeanna, scannáin, íomhánna láithreáin gréasáin, taifeadtaí nó aon ábhar taifeadta eile den imeacht seo.

An nglacann tú leis an dtarscoileadh? / (waiver)
Clear selection
Bíonn nuachtlitir ríomphoist mhíosúil ag Tobar Dhuibhne - ar mhaith leat a bheith curtha ar an liosta san?
Clear selection
Go raibh míle maith agaibh! Chífimid ar an 8ú Nollaig tú! 
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This content is neither created nor endorsed by Google. - Terms of Service - Privacy Policy

Does this form look suspicious? Report