Request edit access
2025 Buddies Spórt Uisce - Coláistí Chorca Dhuibhne
Beidh Scéim na gCairde Teangan (Buddies) i Spórt Uisce á reáchtáil den gcéad uair i mbliana againn. Cabhraíonn an Buddy an Ghaelainn a chur chun cinn agus a spreagadh i measc na scoláirí ag imeachtaí Spórt Uisce, agus cabhraíonn siad ó thaobh sábháilteacht uisce de. Beidh deis ag na Buddies Spórt Uisce cáilíocht a bhaint amach ag deireadh an tsamhraidh. Má tá suim ag do mhac/iníon a bheith mar Bhuddy i rith an tsamhraidh 2025, léigh na rialacha thíos agus líon an fhoirm isteach led thoil. Bí cinnte go dtuigeann do mhac / iníon na rialacha agus na dualgaisí a bhaineann leis an ról seo.  Seol d'iarratas isteach roimh 30 Aibreán 2025.
Email *
Sonraí an róil:

1. Beidh traenáil Spórt Uisce á chur ar fáil againn.
2. Beidh na Buddies Spórt Uisce ag oibriú 3-4 lá sa tseachtain ar a laghad.
3. Caithfidh gach Buddy éisteacht le treoir ón bhFoireann Spórt Uisce / ón bPríomhoide / Ceannairí.
4. Ní ghlacfar le haon mhí-iompar ón mBuddy.
5. Níl cead ag aon Bhuddy dul i dteagmháil leis na scoláirí tríd na meáin shóisialta i rith an chúrsa.
6. Níl cead ag an mBuddy aon Bhéarla a labhairt ag imeachtaí Spórt Uisce. Beimid dian ar an riail seo i mbliana. Is chun an Ghaelainn a chur chun cinn a bhíonn na Buddies ann. Muna bhfuil do mhac / iníon sásta glacadh leis an riail seo, níor cheart dóibh iarratas a chur isteach mar Bhuddy.
7. Beidh deis ag na Buddies Spórt Uisce cáilíocht a bhaint amach ag deireadh an tsamhraidh.
Dualgaisí & Rialacha na mBuddies
Cuir tic le gach bosca thíos led thoil. 
Tuigimse agus tuigeann mo mhac / iníon... *
Required
Ainm & Sloinne do mhic / iníne *
Dáta breithe do mhic / iníne *
Aois do mhic / iníne ar an 1 Meitheamh 2025 (caithfidh siad bheith os cionn 15) *
PPS do mhic / iníne  *
D'ainm (an tuismitheoir / caomhnóir) *
D'uimhir Fóin (an tuismitheoir / caomhnóir) *
Uimhir Fóin eile i gcás práinne *
Do sheoladh baile *
Do sheoladh rphoist *
Seol d'iarratas isteach roimh 30 Aibreán 2025 le do thoil. Míle buíochas as an bhfoirm seo a líonadh. Beimid i dteagmháil leat go luath. Má tá aon rud eile gur mhaith leat a lua ar an bhfoirm seo, is féidir é a lua thíos.
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This content is neither created nor endorsed by Google. - Terms of Service - Privacy Policy

Does this form look suspicious? Report