Published using Google Docs
GCM Plean Scoile Ceol.doc
Updated automatically every 5 minutes

Plean scoile Ceoil

Plean scoile Ceoil

  • Teideal

Seo plean scoile le haghaidh an Ceol i nGaelscoil Chill Mhantáin.

  • Réasúnacht

-  Conas a cuireadh an plean le chéile agus cé bhí páirteach ann?

Bhí sé mar post freagrach ag Alma Ní Riain an phlean ceoill a athdhreachtú. Déantar plé leis an príomhoide agus na múinteoirí ar an slí chun an plean a leagan amach. Tar éis athdreachtú a dhéanamh ar an bplean Ceol, tháinig na múinteoirí le chéile chun an plean scoile a chur le chéile. Bhí an dréacht seo curtha ós comhair an bord bainistíochta agus glactar leis mar an plean scoile don Ceol.

Na cúiseann go ndearnadh cinneadh diriú ar an réimse seo le haghaidh forbartha , mar shampla:

  • Le teagaisc agus foghlaim an cheoil inár scoil a thabhairt chun tairbhe
  • Chun cur cuige comhléanúnach a chur ar fail do theagasc an cheoil ar fuaid na scoile ina hiomláine.
  • Na prionsabail atá le feiceáil sa churaclam leasaithe a chur i gcrích.
  • Reasúntacht
  • Tugann gníomhaíocht ceol dúshlán an pháiste gníomhú ar bhealaí uathúla: éisteacht go géarchúiseach lena cheol féin agus le ceol daoine eile, canadh, seinm, nó léamh go híogaireach agus go cruinn agu meastóireacht a dhéanamh go criticiúil.
  • Trí mhéain na ndúshlán seo cuireann an ceoil le forbairt feasachta ar ealaín, le forbairt féinléirithe, fáis phearsanta agus féinmheasa agus le forbairt íogaireachta ilchúltúrtha agus, dá thoradh sin go léir le forbairt fhoriomlán an pháiste
  • Gné thábhachtach den cheol sa churaclam is ea an tslí ina gcuireann sé le forbairt phearsanta shóisialta mheabhrach agus fhisiceach an pháiste. Baintear comhordú intinne agus coirp amach trí ghníomhamhráin a chanadh, trí cluichí amhranaíochta a imirt, trí rithimí a chniogadh, trí bheith ag bogadh le ceol agus ag seinm in am, agus bheith ag éisteacht le daoine eile ag leanúint treoracha nó ag léamh odaireachta ag an am céanna.
  • Tá fuaimeanna tábhachtach sa ceol freisin agus ag éisteacht le fuaimeanna ins na habhair eile ar nós, rainnte, amhráin a chanadh, trí bheith ag tástáil le fuaimeanna gutaí agus consan agus trí fhoghlaim conas an t-análú a rialú. Cuireann taithí ar raon leathan amhrán, ina mbíonn focail, cora cainte agus nathanna cainte nua, le forbairt teanga. Úsáidtear agus forleathnaítear na focail seo i bhfreagairt do cheol agus i gcur síos ar fhuaimeanna a chloistear, ar mhothúchain a bhraitéar nó ar scéalta a insítear.
  • Bíonn beim ar scilleanna éisteachta sa cheol agus forboraíonn na páistí na scilleanna sin trí a bheith ag éisteacht go foirimiúil agus neamhfhoirmiúil gach lá.
  • Is tríd an léiriú a dhéantar forbairt ar an gcuimhne fhádtéarmach agus ar an gcuimhne ghearrthéarmach araon den chuid is mó, cé go dtarlaíonn an fhorbairt seo i gcomhthéacsanna eile chomh maith. Déantar forbairt ar an gcuimhne ghearrthéarmach i ngníomhaíochta ceoil ar nós amhránaíochta macalla agus bualadh bos, agus is cabhair é amhrain, rainn nó cluichí a chur de ghlanmheabhair chun cumas na cuimhne fadtéarmaí a fhorbairt.
  • Is féidir leis an samhlaíocht a fhorbairt trí bheith ag éisteacht le saothar aithnidiúla agus le saothar neamhaithnidiúla ceoil, trí bheith ag éisteacht le fuaimeanna go hinmhéanach, trí phictiúr nó scéalta fuaime a chruthú, agus trí mhothúchain a léiriú i bhfuaim. Cuireann an cinéal seo oibre samhlaíochte le feasachta spásúlach a fhorbairt freisin, is é sin cumas na hinntinne ar an domhain amhairc a aireachtáil go cruinn, ar shamhaoidí meabhracha de rudaí fisiceacha a chrúthú agus ar éagsúlacht a aithint i rudaí.
  • Forboraíonn ceol scilleanna sóisialta ó na tionscadáil léirithe agus ó na tionscadail léirithe agus ó na tionscadail chumadóireachta a chleachtar i ngrúpaí, tionscadail ina roineann na páistí smaointe, uirlisí nó scileanna áirithe ar a chéile. Cuireann ceol le féinmheas an pháiste trí ligean dó/di daoine a fheiceáil ag léiriú measa ar a phiosaí cumadóireachta féin agus ag baint taitneamh astu agus freisin trí ligean dó/di bheith rannpháirteach i gcluichí amhránaíochta, in amhráin, i rincí agus i léirithe grúpa, imeachtaí ina mbíonn an cion a chuireann gach duine leis an saothar riachtanach chun go n-eiróidh leis an ngrúpa féin.

  • Fís agus Aidhmeanna

  1. Fís
  • An fís atá ag an scoil ná na snaitheanna ar fad a mhúineadh do gach rang. Cuireann na snátheanna deis ar fáil ar bheith ag éisteacht le ceol agus ag freagairt dó, ar bheith ag canadh agus ag casadh ceoil, ar bheith ag léamh agus ag scríobh ceoil agus ar bheith ag déanamh ceoil nua. Tá sé tabhachtach na gnéithe ceoil a chur i láthair go céimnithe ag gach ceann de na ceithe léibheal. Tugann siad deis don mhúinteoir agus don pháiste araon ar bheith ag smaoineamh agus á n-iompar féin go ceolmhar le linn dóibh bheith i mbun snáitheann an churaclaim. Tá an plean ceangailte le spiorad sainiúil na scoile ina bhfuilimidne mar mhúinteoirí ag iarraidh a bhfuil de mhaitheas i ngach leanbh a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta. Sé sin tá sé i gceist againn cabhrú le gach aon leanbh a c(h)umas ceoil a fhorbairt. Mar ghaelscoil, tá sé mar aidhm againn leis go mbeadh meas ag na leanaí ar a gcultúr féin agus ar gcultúr Gaelach, chomh maith le sin go bhfoghlaimeoidís amhráin Gaelacha agus go mbeidh béim ar an dtraidisiúin.
  • Tá cór ag an scoil freisin agus bíonn siad ag canadh le chéile (R. 3- R. 6). Ceachtanna Ukulele (R. 3-6). Banna ceoil na scoile  ag cleachtadh gach Máirt agus Céadaoine. Cuireann siad go mór le ócáidí spéisialta. Tá sé tabhachtach deis a thabhairt do gach pháiste a scilleanna cheoil a chur i láthair don scoil trí ceolchoirm a reachtáil nó seisiún a bheith againn.
  1. Aidhmeanna
  • A chur ar chumas an pháiste taithneamh a bhaint as ceol, a thuiscint agus léirmheas criticiúil a dhéanamh air

  • Oscailteacht, feasacht agus freagairt do raon leathan de chineálacha ceoil, ceol na hEireann san aireamh, a fhorbairt sa pháiste
  • Cumas an pháiste ar idéanna, mhothúchain agus eispéiris a chur in iúl trí cheol mar dhuine aonánach agus i gcomhair le daoine eile a fhorbairt
  • A chur ar chumas an pháiste achmhainn ceoil atá ann inti a fhorbairt agus taithí a fháil ar an scleondar agus sásamh a bhaineann le bheith páirteach go gníomhach i gcruthu ceoil
  • Féinmheas agus féinmhuinín an pháiste a chothú trí bheith rannpháirteach i léiriú ceoil
  • Machnamh ar ardléibhéal agus foghlaim feadh saoil a chothú trí eolas scileanna coincheapa agus buanna ceoil a shealbhú
  • Cur le cailíocht saoil an pháiste trí eispéireas aeistéitiúil ceoil.
  • Pleanáil an Churaclam

Snáitheanna agus Snáth Aonad:

Eisteacht agus freagairt

  • iniúchadh fuaimeanna
  • éisteacht le ceol agus freagairt dó

Léiriú

  • Amhránaíocht (amhranaíocht aoncheoil, páirtamhránacíocht shimplí)
  • Litearthacht
  • Seinm uirlisí

Cumadóireacht

  • tobchumadh agus cruthú
  • píosaí cumadóireacht a phlé agus a thaifeadadh.

Tá cur amach ag múinteoirí ar shnaitheanna, snáthaonaid  mar atá leagtha amach sa churaclam.

  • Rang naíonán
  • Rang 1 & 2
  • Rang 3 & 4
  • Rang 5 & 6

  • Coiméadtar an taithíocht seo nuair a athraíonn múinteoirí ranganna nó nuair a thagann múinteoirí nua ar an bhfoireann trí cumarsaid idir na múinteoirí agus tríd an pholasaí ceoil a leanúint. Beidh an fearas ceoil á choimead i rang Múinteoir Alma agus beidh an t-ábhar á chlúdú sa churaclam.
  • Beidh leanúnachas, dul chun cinn agus comhleanúnachas ó rang go chéile.
  • Tá cur amach na múinteoirí ar choincheapa ceoil: tuiscint ar chuisle/ ar fhad/ ar luas/ar airde/ar dhinimic/ar structure/ ar thonndath/ar uigeacht agus ar stíl.
  • Tá na trí shnáithe – Éisteacht agus Freagairt, Leiriú agus Chumadóireacht clúdaithe go cuimsitheach.
  • Beidh an cúrsa céanna á chlúdú ag an dá rang i gcás seomra le dhá rang.
  • Glacann an scoil le cur chuige téamúil ag céimeanna áirithe den bhliain, mar shampla An Nollaig.

Eisteacht agus Freagairt

Snáithe: Eisteacht agus freagairt

Snáthaonaid: Iniúchadh fuaimeanna

                      Eisteacht le ceol agus freagairt do.

  • Páistí ag éisteacht le na fuaimeanna éagsúla gur féidir leo cruthú lena gcoirpeanna féin, bualadh bos, cnag, máirseáil agus ag cruthú amhráin as.
  • Páistí ag éisteacht le fuaimeanna éagsúla sa timpeallacht agus ag déanamh plé orthu (carranna, gaoth, madra ag tafann). Cén t-ainmhí é? (Playtime Prodigies Primer)
  • Páistí ag éisteacht le hamhráin/píosaí ceol éagsúla agus ag déanamh cur síos ar na mothúcháin éagsúla atá le bhraith, brón, sonas, fearg.
  • Páistí ag déanamh iniúchadh ar réimse fuaimeanna, garbh, bog, árd, íseal, laidir, séimh
  • Páistí ag éisteacht le úirlísí ceoil éagsúla ag seinm, mar shampla an pianó, fidil, bosca ceol.
  • Páistí ag baint úsáid as cnagúirlisí agus ag éisteacht leis na fuaimeanna éagsúla a dhéanann siad
  • Páistí ag cruthú amhrán nó rithim leis na cnag uirlisí agus ag éisteacht leis na fuaimeanna
  • éagsúla a dhéanann siad
  • Páistí ag déanamh a uirlis féin le pláta páipear agus pasta/ pónairí
  • Páistí ag éisteacht le réimse de ghuthanna éagsúla ag canadh ar dluthdhiosca.

Naíonáin:

Fuaimeanna sa timpeallacht

• éisteacht le fuaimeanna coitianta ó fhoinsí éagsúla sa gharthimpeallacht,

iad a aithint agus aithris a dhéanamh orthu

báisteach ag titim, adharca gluaisteáin ag séideadh, madraí ag tafann, leanaí

ag caoineadh, ciúnas

• cur síos a dhéanamh ar fhuaimeanna agus iad a rangú i bhfinte fuaime

innil, aimsir, ainmhithe, daoine

Fuaimeanna gutha

• an difríocht idir an guth labhartha agus an guth canta a aithint agus na

guthanna seo a úsáid ar bhealaí éagsúla

cogarnach, labhairt, béicíl

ag rá áááá, ag canadh ááá, óóó

• guthanna difriúla a aithint

guthanna páiste agus guthanna duine fhásta a idirdhealú

guthanna in imshaol na scoile

fógraí ar an raidió

• fuaimfhocail agus fuaimfhrásaí a úsáid chun cur síos agus aithris a

dhéanamh ar fhuaimeanna roghnaithe

vrúm! vrúm! (inneall)

trup trup (capall)

Cnagadh coirp

• bealaí éagsúla a aimsiú chun fuaimeanna a dhéanamh trí chnagadh coirp

cnagadh, bualadh bos, greadadh cos

Uirlisí

• bealaí a iniúchadh chun fuaimeanna a dhéanamh ag úsáid uirlisí

saothraithe agus uirlisí a rinneadh sa bhaile

uirlisí saothraithe

triantán, tambóirín, druma, barraí clingíní, xileafón

uirlisí a rinneadh sa bhaile

croitheadóirí, rudaí adhmaid nó miotail

• triail a bhaint as raon de theicníochtaí éagsúla a úsáid le huirlisí

saothraithe agus le huirlisí a rinneadh sa bhaile

bealaí éagsúla chun fuaimeanna a dhéanamh le druma: ag baint úsáid as

buailteoirí éagsúla; ag bualadh go glórach, go bog; ag seinm ar choda éagsúla

den druma (m.sh. imeall, lár, cliathán). éisteacht le raon de phíosaí gearra ceoil nó le sleachta ceoil

sleachta de cheol clasaiceach

ceol na hÉireann

• freagairt go samhlaíoch do phíosaí gearra ceoil trí ghluaiseacht

bualadh bos, scipeáil, máirséail, croitheadh

• labhairt faoi phíosaí ceoil, tosaíochtaí a lua agus freagraí a léiriú ar bhealaí

éagsúla

tá an ceol seo preabach, scanrúil, greannmhar

cuireann sé áthas, eagla, fonn léime orm

líníocht, péintéireacht

• an buille cothrom a thaispeáint agus é/í ag éisteacht le píosaí éagsúla de

cheol beo nó de cheol taifeadta

máirseáil, greadadh bos, ag cnagadh an bhuille

‘Portsmouth’ le Mike Oldfield

• an difríocht idir luas tapa agus luas mall a aithint agus a léiriú

rith, siúl, scipeáil

ag aithris rainn go tapa, go mall

ag freagairt do cheol taifeadta tapa nó mall

ceol tapa.

Prodigies: Playtime Prodigies Primer

Amhráin :

Tooty Ta (tuiscint ar rithim agus buille)

Buenos Dias (amhráin éisteacht agus freagairt)

Ag Campáil (solfege éisteact agus freagairt)

Is cnó mé (gníomhaíochtaí)

Solfege: Suantraí Brahms (comharthaí Do Mi agus Sol)

Ceol éisteacht le agus freagairt:

  • Radetzky March, Opus 228 le Johann Strauss Jr.-1:32
  • The Carnival of the Animals VII. Aquarium le Camille Saint Saens- 2:36
  • Veidhlín-Violin Concerto No. 1 in G Minor, Op. 26:II. Adagio le Max Bruch
  • Diggy Liggy Lo le J.D. Miller- 2:48
  • Fliúit- The Carnival of the Animals:X. The Aviary le Camille Saint Saens- 1:29
  • Pianó- Children’s Corner Suite: Golliwog’s Cake Walk le Claude Debussy- 2:43
  • The Tale of Tsar Saltan: The Flight of the Bumble Bee le Nikolai Rimsky-Korsakov- 1:14
  • Roses from the South, Op. 388 le Johann Struss Jr. – 8:24
  • Giotar-Chanela ó Gomes Ramon Sanchez & Paca de Lucia- 3:58
  • Feadóg Stáin- jigs: the Hare in the Corn; the Frost is All Over; the Gander in the Pratie Hole
  • Píobaí uilleann- Sí Bheag, Sí Mhór- Planxty
  • Peer Gynt Suire No. 1, Op. 46:1 Morning Mood le Edvard Grieg
  • Rockin’ Robin le Jimmy Thomas- 2:23
  • Bodhrán le Ivan Smyth- 3: 07
  • Cruit, Madame Cole le Turlough O’ Carolan- 4:27
  • The Isle of the Dead, Op. 29 le Sergei Rachmaninov- 20:55
  • Hoye Hoye le Seleshe Damessae- 3:42
  • Saxophone-Autumn Leaves le stan Getz
  • The Chicken dance le Bob Kames
  • Clarinet-Clarinet Concerto in A Major, K, 622: Adagio le Wolfgang Amadeus Mozart- 7:22
  • The sorcerer’s Apprentice le Paul Dukas- 10:30
  • Also Sprach Zarathustra, Op. 30: Prelude (Sonnenaufgang) le Richard Strauss- 1:44
  • Kilfenora le Danú- 4.01
  • Amanda Jewell le Ricky Skaggs- 3.11
  • Sleigh Ride le Leroy Anderson- 2.59
  • Raiders  of the Lost Ark le John Williams- 5.13
  • Flamenco le Nocy-6.41
  • The Train Rushes for Beijing le Qu Xiang- 2.32
  • Wallace Courts Murron le James Horner- 4.26
  • Puirt le Julie fowlis
  • The Rite of Spring: Glorification of the Chosen one le Igor Stravinsky

Ag traenáil na cluasa

An nóta C (C le chéile)

An nóta D (D woop)

An nóta E (Hola E -Vivaldi)

An nóta F (Fabulous F- Beethoven 5th)

Solfege : Do Mi SO

An nóta G (G oh G)

An nóta A (Aloha A)

An nóta B (Bonjour B)

Cluichí

Cén nóta atá ann?

Solfege

Cluichí éisteachta : Cén nóta é? / an corda é?

Cluichí Coirp:

Gread gread bualadh bos

Solfege le canadh agus comharthaí lámh solfege:

Do re me fa sol la ti do

do re mi fa sol sol do

do ti la sol do re do

do re mi fa do ti to

sol fa mi re do ti  do

do ti la ti do ti do

do ti la tido ti do

do mi sol fa mi re do

 Cluiche : Cén t-amhrán atá ann?

mi fa mi fa mi re do (C major)

mi fa mi fa mi ti do

do mi re fa mi sol do

do mi re fa mi ti do

mi sol fa la sol ti do

sol mi fa re mi ti do

sol mi fa re mi ti do

ti sol la fa sol mi do

ti sol la ti ti sol do

sol la ti do re do ti la sol fi sol ( G major)

sol la ti do re do ti la sol fi sol ( G major)

fa sol la te do te la sol fa do fa  (F major)

fa sol la te do te la sol fa do fa  (F major)

re mi fi sol la sol fi mi re di re (D major)

re mi fi sol la sol fi mi re di re  (D major)

te do re me fa me re do te fa te (B maol major)

te do re me fa me re do te fa te  (B maol major)

Rang 1&2

éisteacht le fuaimeanna sa timpeallacht, iad a aithint agus cur síos a

dhéanamh orthu le feasacht fhorásach otharcharr, clog aláraim, toirneach, ciúnas

• fuaimeanna a aithint agus a rangú de réir critéar éagsúil fuaimeanna meicniúla de chineálacha éagsúla lomaire faiche, druilire aeroibrithe cineálacha éagsúla tafann glamaíl, sceamhaíl, tafann, drantán

• difríochtaí tuinairde a aithint agus a léiriú ard, íseal agus fuaimeanna eatarthu

Fuaimeanna gutha

• difríochtaí tuinairde i nguthanna difriúla a aithint páiste, fir, bean

• rithim chainte nádúrtha focal coitianta a iniúchadh

‘trucaillín, trucaillín, trucaillín donn’

‘ná bac le mac a’ bhacaigh mura mbacfaidh mac a’ bhacaigh leat’

‘home again, home again, jiggity jig’

Cnagadh coirp

• bealaí éagsúla a aimsiú chun fuaimeanna a dhéanamh trí chnagadh coirp

cnagadh, bualadh bos, greadadh cos, smeach méar

Uirlisí

• bealaí a iniúchadh chun fuaimeanna a dhéanamh ag úsáid uirlisí

saothraithe agus uirlisí a rinneadh sa bhaile

uirlisí saothraithe

triantán, tambóirín, druma, clingmhaide

uirlisí a rinneadh sa bhaile

croitheadóirí, rudaí adhmaid nó miotail, snáithíní

bualadh nó croitheadh ar bhealaí éagsúla

• a iniúchadh mar is féidir na fuaimeanna a dhúisítear le huirlisí difriúla a úsáid chun fuaimeanna agus fuaimphictiúir a chur in iúl

siosarnach páipéir chun duilleoga sa ghaoth a chur in iúl

leatha cnó cócó chun capaill ar chosa in airde a chur in iúl.

  • Páistí ag éisteacht le fuaimeanna a bhíonn sa seomra rang, amuigh sa chlós agus thart sa timpeallacht
  • Páistí ag éisteacht leis na hamhráin ar dluthdhiosca agus cur síos a dhéanamh ar na hamhráin sin.
  • Páistí ag éisteacht le hamhrain líne ar líne chun é a fhoghlaim.
  • Páistí ag éisteacht le ceol tráidisiúnta agus na saghasanna ceoil eile chun blas a fháilt de na saghasanna difriúla ceol atá ann.
  • Páistí ag lámhséail na huirlisí ar fad sa scoil agus ag éisteacht leis na fuaimeanna ar fad.ag éisteacht le páistí ag seinm úirlisí éagsúla freisin.
  • Páistí ag cumadh suas fuaimeanna agus rithim trí a bheith ag úsáid ábhar eile seachas úirlisí ceoil.
  • Ag déanamh a gcuid úirlisí féin as ábhar athchursáile agus ag éisteacht leis na fuaimeanna a thagann amach

Éisteacht le raon de phíosaí gearra ceoil aithnidiúil nó ceoil anaithnid nó le

sleachta astu

sleachta as ceol clasaiceach

• freagairt go samhlaíoch do phíosaí ceoil trí ghluaiseacht

greadadh bos, cnagadh, luascadh, máirseáil, damhsa

• labhairt faoi phíosaí ceoil, tosaíochtaí a lua agus freagairt dóibh ar bhealaí

éagsúla:tá an ceol seo spreagúil, brónach, beoga..cuireann sé áthas, eagla, meadhrán orm..cuireann sé an sorcas, stoirm, sluaite móra i gcuimhne dom.

scríbhneoireacht, líníocht, péintéireacht, dordán

• an buille cothrom a thaispeáint agus é/í ag éisteacht le píosaí éagsúla de cheol beo nó de cheol taifeadta, ag tionlacan amhrán nó cantaireachtaí máirseáil, greadadh bos, scipeáil, damhsa.

Ceol éisteacht le agus freagairt

  • Ripples in the Rockpool
  • L’Arlésienne Suite No. 2, 2nd Movement
  • L’Arlésiene Suite No. 2, 4th Movement
  • The Four Seasons, Spring, 1st Movement
  • The Four Seasons, Spring , 2nd Movement
  • Preab san Ól, Dubliners
  • Saint- Saens, Carnival of the Animals
  • Enya, Shephard Moon
  • Díreog/ríl/cornphíopa
  • Grupaí: The Chieftains agus Clannad, “Theme from Harry’s Game”.
  • Peter and the Wolf le Prokofiev
  • amhráin as ‘Oliver!’ le Lionel Bart
  • Nutcracker Suite le Tchaikovsky

  • Eolas a bheith acu ar na huirlisí sa cheolfhoireann agus na huirlisí a bhíonn ann sa cheol tráidisiúin.
  • Lámhséail a dhéanamh ar na cnaguirlisí agus fuaimeanna agus rithim agus na gnéithe ceoil eile a bhaint as na huirlisí sin.
  • Fuaimeanna agus rithim agus na gnéithe ceoil eile a bhaint amach as na huirlisí a dhéantar na páistí le hábhar athchursáil.
  • Foghlaim conas ceol nódáireacht a léamh agus a bheith múiníneach píosaí rithim a chumadóireacht sa rang. Go leor cleachtaigh den nódáireacht a dhéanamh sa rang.
  • Amhráin a fhoghlaim de ghlan mheabhar agus na notaí a thabhairt do na daoine a bhfuil ábálta an ceol a sheinm agus rithim a thabhairt do na daoine a bhfuil cnaguirlisí acu. Gach rud a chur le chéile ionas go mbeidh ceoltoirí agus amhránaithe againn.
  • Píosaí scéalta a thabhairt do na daoine agus caithfidh na páistí píosa ceoil a chumadh a bheadh féiliúnach don scéal. Beidh comhrá againn faoi mothúcháin agus conas na mothúchain airithe a leiriú tríd na huirlisí agus an ceol.
  • Ag leanacht scéal agus script ceol, insíonn an script céard iad na huirlisí a theastaíonn, cén uair a thagann na huirlisí isteach agus an rithim a bhionn ag gach uirlis.
  • Píosa ceoil a thaifeadadh agus éisteacht leis agus comhrá a bheith againn faoi conas a féidir é a dhéanamh níos fearr, céard iad na píosaí a bhí go maith agus na píosaí a bhí go dona.

Rang 3&4: Ceol

Snáithe: Éisteacht agus freagairt

Snáithaonaid: Iniúchadh fuaimeanna/ Éisteacht le ceol agus freagairt do:

-Bí éisteacht le raon forásach d’fhuaimeanna éagsúla as raon forásach foinsí

agus cur síos orthu m. sh,dhá uaireadóir ag ticeáil, ceann acu leis féin agus an ceann eile greamaithe le téip de dhoras (oibríonn doras folamh mar sheomra athshonda agus méadaítear an fhuaim)

-banda rubair sínte trasna bosca cairtchláir

-mirlíní a scaoiltear anuas ar dhromchla crua nó bog

-buidéal atá lán d’uisce, leath-lán, folamh

fuaimeanna laistigh de raon caol a rangú agus cur síos a dhéanamh orthu

ceiliúr éin,faoileán, colúr, cág, druidaláraim ghluaisteáin, aláraim tí

difríochtaí tuinairde a aithint agus a léiriú

fuaimeanna arda, ísle agus eatarthu, níos airde ná, níos ísle ná, mar an gcéanna le, difriúil, athdhéanta

nótaí méarchláir

cloigín dorais, cloig scoile, clingearacht teileafóin

Fuaimeanna gutha

• na cineálacha difriúla fuaime ar féidir leis an nguth canta agus leis an nguth labhartha iad a dhéanamh dordán, feadaíl, ‘amhránaíocht cheoldráma’ a chur i gcomparáid le chéile

turngnaimh a dhéanamh le hathruithe gutha chun mothúcháin agus bríonna

difriúla a chruthú

comhráite labhartha agus comhráite canta sa ghuth nádúrtha a chur i

gcodarsnacht

• aithris a dhéanamh leis an nguth ar phatrúin d’fhuaimeanna fada agus

gearra

Cnagadh coirp

• bealaí éagsúla a aimsiú chun fuaimeanna a dhéanamh trí chnagadh coirp, i

mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga

cnagadh, bualadh bos, greadadh cos, smeach méar,

seicheamh greadta cos agus buailte bos a chruthú

Uirlisí

• bealaí a iniúchadh chun fuaimeanna a dhéanamh le huirlisí saothraithe

agus le huirlisí a rinneadh sa bhaile

cnaguirlisí saothraithe neamhthiúnta

druma, clingmhaide, triantán

cnaguirlisí saothraithe tiúnta

barra clingíní, xileafón

uirlisí séiseacha

feadóg stáin, fliúit Shasanach

uirlisí a rinneadh sa bhaile

croitheadóirí, rudaí adhmaid nó miotail snáithíní, coirníní, píopaí, kazoo círe

agus páipéir

séideadh, bualadh nó croitheadh ar bhealaí éagsúla

iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir tondath uirlisí oiriúnacha a úsáid chun fuaimeanna agus fuaimphictiúir éagsúla a chur in iúl

feadóg stáin chun éin ag ceiliúradh a léiriú

feadóg Swanee chun titim nó sleamhnú a léiriú

cnaguirlis thiúnta, mar ghlocainspíl, chun braonacha báistí a chur in iúl. 

• éisteacht le stíleanna agus genre éagsúla ceoil, sleachta coitianta san

áireamh, feidhm agus comhthéacs staire (más cuí) an cheoil sin a aithint

agus cur síos air

ceol a insíonn scéal

taifeadtaí leis na Chieftains – “Brian Boru”, Altan- “An Mhaighdean Mhuire”, Na Casaidigh- “Rising of the moon”

‘Téama as Superman’ le J. Williams

• cur síos a dhéanamh ar a f(h)rithghníomhartha nó ar a m(h)othúcháin

tosaigh i leith a p(h)íosaí cumadóireachta féin nó i leith píosaí le daoine

eile (bíodh na píosaí sin taifeadta nó á léiriú beo) agus tosaíochta a lua

cuireann an ceol seo eitilt, glanadh mo sheomra codlata, an Nollaig i gcuimhne

dom

• freagairt go samhlaíoch do phíosaí níos faide ceoil i raon de shlite éagsúla

gluaiseacht, damhsa, mím a chruthú

dán nó scéal a scríobh agus a léiriú trí amharcealaín

• an buille cothrom a thaispeáint agus é/í ag éisteacht le ceol beo nó ceol

taifeadta á sheinm mar thionlacan d’amhráin nó do chantaireachtaí

máirseáil, greadadh bos, cnagadh, scipeáil, damhsa ina (h)aonar agus i ngrúpaí

• idirdhealú a dhéanamh idir ceol le buille cothrom agus ceol gan buille

tréan

• buillí tréana agus buillí laga a aithint agus a léiriú trí ghothaí

greadadh bos do bhuille tréan, cnagadh glún do bhuille lag

• luas an cheoil a bheith tapa nó mall, ag éirí níos tapúla nó níos moille a

aithint agus cur síos a dhéanamh air. idirdhealú a dhéanamh idir fuaimeanna a bheadh difriúil ó thaobh ré (fada

nó gearr) agus é/í ag éisteacht le ceol

fuaimeanna fada agus gearra i nglór buabhaill

tormáil fhada druma i gcodarsnacht le drumadóireacht ghearr scoite

• roinnt finte uirlisí a aithint

téaduirlisí, uirlisí práis, cnaguirlisí (drumaí)

uirlisí traidisiúnta Gaelacha

• freagairt go cuí do mhíreanna i ndréacht ceoil ar léir iad a bheith difriúil

seichimh nó patrúin ghluaiseachta a athrú chun rannóg nua a chur in iúl

‘Sraith an Chnóire’ (“Waltz of the Flowers”) le Tchaikovsky

‘Lucy in the Sky with Diamonds’ le Lennon agus McCartney

• am dhá-bhuille (ar nós máirseála) agus trí-bhuille (ar nós válsa) a aimsiú

trí ghothaí a úsáid mar thionlacan do cheol

éisteacht le ceol máirseála agus freagairt dó le gluaiseacht siúil: clé, deas,

clé, deas

‘Máirseál Bhriain Bárú’—traidisiúnta

éisteacht le válsaí agus freagairt dóibh leis an ngluaiseacht damhsa: aon-dó-trí,

aon-dó-trí

• taithí a fháil ar am a sé a hocht (ar nós port)

‘Cailleach an Airgid’

The Dance of the Sugar Plum Fairy’- Peter Tchaikovsky    

  • Caint a dhéanamh ar an modh a úsáideann tú piano, an cheann sa scoil a thaispeáint dóibh
  • Caint a dhéanamh ar Tchaikovsky agus cúlra an píosa ceoil ‘The Dance of the Sugar Plum Fairy’.
  • Ag éisteacht leis an píosa, plé a dhéanamh air
  • Ag éisteacht leis an píosa, ag dathú leathanach agus iad ag éisteacht leis an ceoil
  • Comparáid le píosa ceol ó ‘Night on Bare Mountain’
  • Éisteacht le ‘The Dance of the Sugar Plum Fairy’ arís agus lig do na páistí bogadh leis an gceol.
  • Eolas a bhailiú ar Peter Tchaikovsky ón idirlíon, leabhair srl
  • Ag peinteáil pictuirí bunaithe ar an ceoil.
  • Ag éisteacht leis an eolas a bhailigh na páistí ar Tchaikovsky.

  • ‘Night on Bare Mountain’- Modeste Mussorgsky
  • Caint a dhéanamh ar Mussorgsky agus cúlra an píosa ceoil ‘Night on Bare Mountain’.
  • Caint leis na páistí faoi caileachaí- Conas a téann siad timpeall?  Cathain a bhuaileann siad le chéile? Abair leo céard tá chun tarlú sa phíosa atá le cloisteáil  
  • Cur ceist ar na páistí faoin difríocht idir an ceol ag an tús agus an deireadh
  • Pictúir a tharraingt/bogadh leis i rith an ceoil
  • Ealaín: Collage de na cailleachaí go léir
  • SESE: Kiev a fháil ar an mapa
  • Píosa scríbhneoireacht Gaeilge a scríobh faoi cé chomh glic is atá na cailleachaí
  • Eolas a bhailiú faoi Mussorgsky

  • Cluichí ceoil
  • Tá ar na páistí a súile a dhúnadh. Seineann an múinteoir dlúthchéirnín le fuaimeanna air/ cruthaíonn an múinteoir fuaimeanna le rudaí atá le fáil timpeall an seomra ranga agus tá orthu tomhas a dhéanamh air.
  • Tá ar na páistí na súile a dúnadh, bí ciúin agus cur síos a dhéanamh ar na fuaimeanna a cloiseann siad sa timpeallacht- éin ag canadh m.sh
  • ‘Boom chicka Boom’- An múinteoir ag rá agus na páistí ag athrá. É a dhéanamh le mothúcháin difriúla- brón, áthas srl
  • ‘Buail do bhosa’. An múinteoir ag léamh amach agus na páistí a athrá le luas difriúla sna guthanna mar leathnú amach ar an dán agus mar slí chun fuaimeanna le baill coirp a iniúchadh
  • ‘Eucalyptus Eucalyptus’ le uirlísí agus sa modh céanna le ‘Frére Jacques’. É a dhéanamh le leath den rang ag tosnú ag am amháin agus an leath eile ag tosnú ag am difriúil
  • É a dhéanamh mar dhordán chun féachaint ar an amhrán i slí eile, ag canadh píosa agus ag fágáil píosa amach
  • ‘Rap’- Cnagadh Coirp. Tá ar na páistí na línte ón gclár bán a léamh agus an ghníomhaíocht a dhéanamh (gread cos m.sh). Chun l
  • leathnú amach a dhéanamh ar- luas difriúla, grúpaí difriúla le ghníomhaíocht difriúil
  • Nodaireacht rithime a fhoghlaim trí chluichí: Bualadh bos mar macalla- patrúin nua a dhaingniú, Léirmhínigh é- patrúin rithime a oibriú amach.
  • Bíonn ar na páistí nódaireacht a léamh ón clár bán agus an patrúin a leannúint trí bualadh bos/ greaad cos/ ansin in ionad cnagadh coirp- focail a chur isteach- le siombailí a sheasann do ‘ta, ti, sos’
  • Comhtháthú leis an Ealaín: Uirlisí ceoil a dhéanamh- cnaguirlisí, croitheadóirí srl
  • Iniúchadh a dhéanamh ar uirlisí ceoil agus faigh amach an féidir fuaimeanna difriúla- fear ag obair, éin ag canadh a léiriú leo

  •  ‘The Reel- Secret Garden’
  • An cheol a phlé, ‘The Reel- Secret Garden’, le ceisteanna cosúil le:
  • Cár chuala tú ceol mar seo cheana? Cad iad na mothúcháin a mhúsclaíonn sé ionat? An bhfuil an ceol tapa nó mall?
  • An féidir leat aon cheann de na huirlisí a chloiseann tú a ainmniú?
  • Liosta a dhéanamh de uirlisí ceoil atá san amhrán agus roinnt cinn eile. Na difríochtaí a phlé
  • Pictúir a tharraingt/ a pheinteáil de na hurlisí ceoil
  • Rangú a dhéanamh ar na hurlísí ceoil atá sa scoil agus na difríochtaí eatarthu
  • Píosa ceol bog a sheint agus é a chur i gcomparáid le ceisteanna cosúil le:
  • An bhfuil aon difríocht idir an dhá amhrán? Conas? Mall nó tapa? Lán le fuinneamh nó ciúin seimh?
  • Pictúir a tharraint den ceol bog le linn éisteachta an dara uair
  • Ag bogadh leis an dhá ceol difriúil. An bhfuil an gluaiseacht difriúil maidir leis an ceol difriúil?

  • Radetsky March’- Johann Strauss
  • Caint a dhéanamh ar Strauss  agus cúlra an píosa ceoil ‘Radetsky March’.
  • Caint leis na páistí faoi ceol a dhéantar marseáil- cathaina bhaintear úsáid as? Comparáid a dhéanamh idir an marseáil sa phíosa ceoil seo agus marseáil a dhéanann saighdúirí
  • Ealaín: Pictúir de Radetsky agus a airm ag mearseáil.
  • Eolas a bhailiú ar Johann Strauss ón idirlíon, leabhair srl
  • Filíocht Béarla a chumadh bunaithe ar an ainm Radetsky
  • Ag éisteacht leis an eolas a bhailigh na páistí

  • ‘Morning’- Edvard Grieg
  • Caint a dhéanamh ar Grieg agus cúlra an píosa ceoil ‘Morning’.
  • Caint a dhéanamh a maidin álainn. Conas a bhíonn siad? Conas a mhothaíonn tú? Ag déanamh liosta de na focail ar an gclár bán.
  • Míniú dóibh céard atá le cloisteáil sa phíosa. É a sheint
  • Caint a dhéanamh ar an flute, pictúirí a thaispeáint de. Iarr ar duine an flute a sheint más feidir.
  • Ag tarraingt pictúir agus iad ag éisteacht leis an gceol. Plé a dhéanamh ar.
  • SESE: Ag aimsiú an Iorua agus an an Éigipt ar an mapa
  • Béarla/Gaeilge: Dán a chumadh bunaithe ar maidin.
  • Eolas a bhailiú ar Grieg ón idirlíon, leabhair srl
  • Ag éisteacht leis an eolas a bhailigh na páistí

  • ‘Largo’- Antonin Dvorák
  • Caint a dhéanamh ar Dvorák agus cúlra an píosa ceoil ‘Largo’.
  • Caint a dhéanamh ar an slí a dhéanann píosaí ceoil léiriú ar mothúcháin éigin- píosa seo tá an údar uaigneach.
  • Míniú dóibh céard atá le cloisteáil sa phíosa. É a sheint
  • Caint a dhéanamh ar an cor anglais, pictúirí a thaispeáint de.
  • Agus iad ag éísteacht leis an píosa ceoil, beidh na páistí ag léamh dán bunaithe ar an phíosa ceoil.
  • Ag tarraingt pictúir agus iad ag éisteacht leis an gceol. Plé a dhéanamh ar.
  • SESE: Ag aimsiú Nua Eabhrach agus Prague ar an mapa- cén treo an ndeachaigh sé? Conas? Cad faoi inniu?
  • Eolas a bhailiú ar Dvorák ón idirlíon, leabhair srl
  • Ag éisteacht leis an eolas a bhailigh na páistí

Rang 5&6: Ceol

Snáithe: Éisteacht agus freagairt

Snáithaonaid: Iniúchadh fuaimeanna/ Éisteacht le ceol agus freagairt do:

Iniúchadh fuaimeanna

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

• éisteacht le fuaimeanna sa timpeallacht le breis tuisceana ar an dóigh a

ndéantar agus a n-eagraítear fuaimeanna

tonnta fuaime, macallaí, athshondas, aer, téad, miotal ar tonnchrith, truailliú fuaime

Fuaimeanna gutha

• raon fuaimeanna a iniúchadh ar féidir leis an nguth canta agus leis an

nguth labhartha iad a dhéanamh

fuaimeanna gearra géara gutha, iad labhartha agus canta

‘haigh! haigh! haigh!’

fuaimeanna canta agus iad ag teacht anuas nó ag dul suas go mall,fuaimeanna srónacha, scairt gháire, feadaíl, cogarnaíl, monabhar,siosarnach

• na raonta gutha agus na tondathanna a chloistear i bpíosa ceoil a idirdhealú agus cur síos a dhéanamh orthu, soprán, alt, teanór, dord, grágach, piachánach, neamhoilte, amh, cruinn, glinn, tanaí, saibhir, soprán gasúir (tribil), amhránaí ceoldráma, amhránaí rac-cheoil

Cnagadh coirp

• raon slite a aithint chun fuaimeanna a dhéanamh i mbeirteanna agus i

ngrúpaí beaga is móra trí chnagadh coirp a úsáid ,cnagadh, bualadh bos, greadadh cos, smeach méar,seichimh níos casta a chruthú le greadadh cos, bualadh bos, smeach méar srl.

iontu agus na lámha nó na cosa clé agus deasa in úsáid gach re seach

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

• éisteacht le raon leathan de stíleanna agus de thraidisiúin cheoil, sleachta

coitianta san áireamh, feidhm agus comhthéacs staire (más cuí) an cheoil

sin a aithint agus cur síos a dhéanamh air sleachta as ceol clasaiceach:

‘Ah, Vous Dirai-Je, Maman’ le Mozart

‘Fantasia on Greensleeves’ le Vaughan Williams

‘An Moldau’ as ‘Má Vlast’ le Smetana

‘Young Person’s Guide to the Orchestra’ le Britten

ceol Gaelach, traidisiúnta agus comhaimseartha

‘The Brendan Voyage’ le Shaun Davey

‘The Children of Lir’ le Brian O’Reilly

‘Swinging Tripes and Trillibubkins’ as an albam ‘Nua Nós’ le Gerald Barry

ceol na scannán

téamaí le Ennio Morricone, John Williams

snagcheol

‘Chatanooga Choo Choo’ taifeadta ag Glen Miller

ceol diaga

‘The Wexford Carol’, taifeadtaí ó Mhainistir Ghleann Stail

ceoldráma

‘Curfá na Saighdiúirí’ as ‘Faust’ le Gounod

• éisteacht lena p(h)íosaí cumadóireachta féin agus le píosaí daoine eile

(idir thaifeadtaí agus léirithe beo) agus meastóireacht a dhéanamh orthu

  • ‘Spring- Four Seasons’- Vivaldi
  • Caint a dhéanamh ar Vivaldi agus cúlra an píosa ceoil ‘Spring-Four Seasons’.
  • Caint leis na páistí faoin Earrach- Céard a tharlaíonn san Earrach? Stór fhocail a chumadh bunaithe ar an Earrach  
  • Ceol a sheint agus cur síos a dhéanamh ar an gceol a chloiseann siad
  • Ag éisteacht leis an phíosa arís agus ag léamh dán faoin phíosa ceoil ag an am céanna. Dán a léamh roimh ré.
  • Ag éisteacht amach le haghaigh na difríochtaí idir mothúcháin difriúla
  • Caint a dhéanamh ar an violin atá sa phíosa ceoil seo, pictúir de. Iarr ar duine é a sheint sa rang
  • SESE: An Iodáil agus Vienna a fháil ar an mapa
  • Béarla agus Gaeilge: Filíocht a chumadh bunaithe ar an Earrach
  • Eolas a bhailiú faoi Vivaldi
  • Ag éisteacht leis an eolas a bhailigh na páistí

  • Flight of the Bumble Bee’- Nikolai Rimsky Korsakov
  • Caint a dhéanamh ar Korsakov agus cúlra an píosa ceoil ‘Flight of the Bumble Bee’.
  • Iarr ar na páistí an ceol tapa/mall é seo? An bhfuil sé lán le fuinneamh? Le draíocht? Ceol a cur ar siúl agus é a phlé.
  • Comparáid a dhéanamh le ‘The Dance of the Sugar Plum Fairy’. É a sheint arís más gá.
  • Tar éis éisteacht leis an píosa, plé a dhéanamh ar an ainmhí a cheapann siad atá sa ceol
  • Ag tarraingt pictúir agus iad ag éisteacht leis an gceol. Plé a dhéanamh ar.
  • Éisteacht le ‘The Dance of the Sugar Plum Fairy’ arís agus lig do na páistí bogadh leis an gceol.
  • Ceist a chur ar aon dalta atá in ann an piano a sheint a sheint
  • Eolas a bhailiú faoin piano
  • Eolas a bhailiú ar Korsakov ón idirlíon, leabhair srl
  • Pictúirí a  pheinteáil den beach.
  • Ag éisteacht leis an eolas a bhailigh na páistí
  • Dán a scríobh ‘The Angry Bee’- Comhthathú leis an mBéarla

  • Caint a dhéanamh ar an gceol ón scannán ‘Superman’ agus ‘Star Wars’
  • Caint a dhéanamh ar an scannán ‘Superman’ agus cúlra an píosa ceoil.
  • Iarr ar na páistí an ceol tapa/mall é seo? An bhfuil sé lán le fuinneamh? Le draíocht? Ceol a cur ar siúl agus é a phlé.
  • Tar éis éisteacht leis an píosa, plé a dhéanamh ar an ainmhí a cheapann siad atá sa ceol
  • Ag tarraingt pictúir agus iad ag éisteacht leis an gceol. Plé a dhéanamh ar.
  • Éisteacht le ‘Star Wars’ arís agus lig do na páistí bogadh leis an gceol.
  • Comparáid a dhéanamh idir an dhá amhrán. Cén saghas mothúcháin atá ar fáil?
  • Pictúirí a  pheinteáil den dhá amhrán.Obair le cré bunaithe ar caractarí sna scannán

Snáithe: Cumadóireacht

Snáithaonad: Tobchumadh agus crúthú/ Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh

  • Tobchumadh agus cruthú
  • Cluichí comhrá amhránaíochta mar teú suas- Éisteacht agus Freagairt
  • Páipéar tugtha do gach páiste agus caithfidh siad iniúchadh fuaime a dhéanamh leo
  • Éisteann muid leis na fuaimeanna a lig
  • Athraíonn na páistí a fuaim ó thaobh luas, dinimic de.
  • Fuaimeanna difriúla a eagrú i ngrúpaí difriúla chun partrún a dhéanamh. I mbeirteanna/grúpaí beaga.
  • Plé agus taifeadadh a dhéanamh ar seo.
  • Taispeantas ó grúpaí difriúla ar céard a chum siad.
  • Ghníomhaíochtaí thuas a dhéanamh le habhair difriúla- adhmaid m.sh

  • ‘Night on Bare Mountain’- Modeste Mussorgsky
  • Na páistí a chur i ngrúpaí de cúigear agus tá orthu ceol a chum bunaithe ar cúig eachtra difriúil a tharlaíonn i rith an phíosa ceoil.
  • Múinteoir mar stiúrthóir agus na páisti a stiúradh tríd an scéal agus iad ag seint a huirlísí
  • Cúigear/seisear le uirlisí ag tabhairt buile leis an gceol agus daoine ag marseáil timpeall. Páistí le hurlisí a athrú timpeall.

  • Léiriú/Litearthacht/Cumadóireacht bunaithe ar Oíche Shamhna
  • Ag suí timpeall i gciorcal
  • Dul siar ar roinnt de na cluichí ceoil ina bhfuil ar na páistí cóipeáil a dhéanamh ar an fuaim a dhéanann an múinteoir
  • Pictúirí faoin Samhain (cailleach srl) ar chártaí a sheasann le haghaidh an méid buile a bhfuil ar na páistí a thabairt dá uirlís ceoil Lig do na páistí cleachtadh a fhail air- cailleach- 2 buile m.sh- ‘Cailleach,1 2 3, Cailleach 1 2 3 Cailleach;
  • Iad a glao amach agus na páistí ag déanamh na ghníomhaíochtaí
  • Na pictúirí a chuir suas ar an clár dubh agus caithfidh siad é a sheint
  • Lig do ghrúpaí áirithe é a dhéanamh- uirlisí a bhuaileann tú mar shampla
  • Grúpaí maidir leis na uirlisí difriúla a chur le chéile agus tá orthu ghníomhaíocht áirithe a dhéanamh
  • Lig do páiste an patrúin a athrú- páistí eile a sheint
  • Iad a chur i ngrúpaí agus a píosaí ceoil féin a chumadh
  • Gníomhaíochtaí thuas a dhéanamh le foclóir difriúil- ainm bailte in Éirinn m.sh, ghnáthuirlisí a bhaineann le pictúircárta/focail a athrú
  • Nótaí a athrú ó pictúirí agus focail go nótaí ceoil
  • Píosaí ceoil a thaifeadadh ina grúpaí difriúla maidir le céard a rinne siad. Plé a dhéanamh orthu

                                                                                                                                                                                                          Cumadóireacht

  • Uirlisí a roghnú chun mothúcháin eagsúla a léiriú
  • Ag déanamh suas geitse ina súileann páiste isteach agus déanann siad rudaí éagsúla ina bhfuil ar na páistí ceoil a chur leis.
  • Plé a dhéanamh ar cén sórt uirlisí atá úsáideach.
  • Iad a chur i ngrúpaí maidir le cén uirlisí a thaispeánann mothúcháin áirithe
  • An geitse a dhéanamh agus a thaifeadadh. Plé a dhéanamh ar ina dhiadh
  • Le scéal ‘Going on a Bear Hunt’/ ‘Peter and the Wolf’ leigheann an múinteoir an scéal amach agus pléann sé leis an rang faoin; príomhtéama, príomhimeachtaí, príomhpearsana. An eolas seo a chlárú ar an clár bán
  • Uirlisí a roghnú chun ghnéithe den scéal a léiriú le fuaim
  • An scéal a insint i bhfuaim agus an scéal a thaifeadadh. Plé a dhéanamh ar a hiarrachtaí.
  • Plé agus taifeadadh a dhéanamh ar seo.
  • Taispeantas ó grúpaí difriúla ar céard a chum siad.
  • Ghníomhaíochtaí thuas a dhéanamh le habhair difriúla- adhmaid m.sh

  • Cumadóireacht le hamhrán Gaeilge
  • An dán le Col Mac Lochlainn ‘Chuala mé an Ghaoth’(nó dán oiriúnach ón am sa Ghaeilge) a léamh- An ábhar a phlé. Foclóir a mhíniú
  • Fuaimeanna a roghnú. Fuaimeanna a roghnú a mhúsclódh samhlaidí den aimsir fhuar
  • Léiriú agus Taifeadadh: Comparáid a dhéanamh idir an dán le huirlisi agus an dán gan uirlisi.
  • An amhrán; ‘Seo chugainn an traein’ a léamh amach agus plé a dhéanamh ar an slí is feidir linn ceol a chur leis- guth, cnagadh coirp agus uirlisí ceoil.
  • Cleachtadh a dhéanamh ar an dhá phíosaí ceoil.

  • Radetsky March’- Johann Strauss
  • Le drúma buile a thabhairt dó agus na páistí ag arseáil timpeall
  • Tar éis éisteacht leis- Céard iad na huirlisí? An buile sa cheol? Ceol son nó brónach?
  • Tar éis éisteacht leis arís iarr ar na páistí buile a choinneáil lena méara ar a lámha
  • Leis an gceol ag marseáil timpeall an seomra
  • Cúigear/seisear le uirlisí ag tabhairt buile leis an gceol agus daoine ag marseáil timpeall. Páistí le hurlisí a athrú timpeall.
  • Le uirlisí ceoil, agus I ngrúpaí de cúigear tá ar gach grúpa a ceoil féin le mearseáil a chumadh. Taispeántas de gach grúpa

  • ‘Morning’- Edvard Grieg
  • Caint a dhéanamh ar an fliúit, pictúirí a thaispeáint de. Iarr ar duine an fliúit a sheint más feidir.
  • Liosta a dhéanamh de na torainn a cloiseann tú gach maidin. Cumadóireacht a dhéanamh i ngrúpaí bunaithe ar na torainn seo
  • Liosta a dhéanamh de na torainn a cloiseann tú gach oíche. Cumadóireacht

Snáithe: Cumadóireacht

Snáithaonad: Tobchumadh agus cruthú

Naíonáin: Cumadóireacht

  • Ba cheart go mbeidh an teirmíocht ag an bpáiste le cur síos a dhéanamh ar phíosa ceol ar nós tapaí/mall/bog/garbh
  • Éisteacht le amhráin/ceol difriúil agus cur síos a dhéanamh ar an rud a gcloiseann siad, ceol claisiceach, ceol traidisiúnta, ceol ón Afraic, cur síos a dhéanamh ar ó thaobh rithim, fuaim agus mothúcháin
  • Na páistí ag cur ag bualadh bos le rithim an ceol
  • Siombal/ pictiúr a úsáid le rithim an cheol a leiriú ar bhealach intuigithe dóibh
  • Plé a dhéanamh maidir leis an méid taitneamh a bhain/nár bhain siad ón bpíosa ceol agus na fáthanna
  • Plé a dhéanamh maidir le conas an amhráin/ piosa ceol a fheabhsú níos bríomhaire, níos tapúla, níos ísle
  • Na páistí a thaifeadú agus iad ag canadh nó ag cruthú píosa ceol le cnag uirlisí/ fuaimeanna ón seomra ranga.

Cumadóireacht na naíonáin:

Ag cumadh amháin aonarach leis an cloigín  C ag baint usáid as croisín agus sos “ssh”

Ag cumadh rithim aonarach le Ta (croisín)

Ranganna 1&2 Cumadóireacht

  • Eolas a bheith acu ar na huirlisí sa cheolfhoireann agus na huirlisí a bhíonn ann sa cheol tráidisiúin.
  • Lámhséail a dhéanamh ar na cnaguirlisí agus fuaimeanna agus rithim agus na gnéithe ceoil eile a bhaint as na huirlisí sin.
  • Fuaimeanna agus rithim agus na gnéithe ceoil eile a bhaint amach as na huirlisí a dhéantar na páistí le hábhar athchursáil.
  • Foghlaim conas ceol nódáireacht a léamh agus a bheith múiníneach píosaí rithim a chumadóireacht sa rang. Go leor cleachtaigh den nódáireacht a dhéanamh sa rang.
  • Amhráin a fhoghlaim de ghlan mheabhar agus na notaí a thabhairt do na daoine a bhfuil ábálta an ceol a sheinm agus rithim a thabhairt do na daoine a bhfuil cnaguirlisí acu. Gach rud a chur le chéile ionas go mbeidh ceoltoirí agus amhránaithe againn.
  • Píosaí scéalta a thabhairt do na daoine agus caithfidh na páistí píosa ceoil a chumadh a bheadh féiliúnach don scéal. Beidh comhrá againn faoi mothúcháin agus conas na mothúchain airithe a leiriú tríd na huirlisí agus an ceol.
  • Ag leanacht scéal agus script ceol, insíonn an script céard iad na huirlisí a theastaíonn, cén uair a thagann na huirlisí isteach agus an rithim a bhionn ag gach uirlis.
  • Píosa ceoil a thaifeadadh agus éisteacht leis agus comhrá a bheith againn faoi conas a féidir é a dhéanamh níos fearr, céard iad na píosaí a bhí go maith agus na píosaí a bhí go dona.

Rang 3 & 4 Cumadóireacht

  • cineálacha difriúla fuaime (guth, cnagadh coirp, cnag uirlisí, uirlisí séiseacha, uirlisí leictreonacha) a roghnú chun pearsana, eachtraí nó atmaisféar i scéalta fuaime a léiriú m.sh.
    pearsana
    áilteoir, seanfhear, spiaire
    sraitheanna eachtraí le maisíochtaí fuaime
    siúlóid sa dufair
    timpiste
    atmaisféar i bhfuaim
  • píosaí simplí ceoil a chumadh a thaispeanann feasacht ar ghnéithe an cheoil      cuisle, rithim, séis, dinimic (glórach/bog) srl.
    Píosaí i bhfoirm ‘Ternary’ a chumadh, ie. i bhfoirm A B A ( píosa A, píosa B atá i gcodarsnacht agus filleadh ar piosa A                                                                    m.sh. 'Ar an bhFarraige'
    bog, tuinairde ard tapa: planctón, éisc bheaga (triantán beag)
    airde meánach: deilf (uirlis shéiseach)
    fuaim ghlórach ghearr: siorc (ciombal a bhualadh ar a thaobh)
    fuaim bhog fhada: eascann (barraí clingíní nó gang)
     
  • patrúin shéiseacha agus rithimeacha shimplí a thabhairt chun cuimhne, a fhreagairt agus a chruthú agus an guth, cnagadh coirp agus uirlisí á n-úsáid chuige
    comhráite canta
    múinteoir: 'l s m r ...'
    páiste: 'm r d d'
    nó uirlisí séiseacha a úsáid
    ostinato (patrún a athdhéantar) d'amhráin choitianta

    m.sh.          

PicPleanCeolR4.1.jpg       

Rang 5 & 6: Cumadóireacht

rogha a dhéanamh as raon leathan d’fhoinsí fuaime (guth, cnagadh coirp, cnaguirlisí tiúnta agus neamhthiúnta, uirlisí agus teicneolaíocht shéiseach)

le haghaidh raon de chuspóirí sa cheolchun amhrán, scéal, dán, tomhas, greann nó cluiche a thionlacan chun pearsana nó sraith eachtraí a léiriú chun giúmar nó atmaisféar a chur in iúl chun coincheap teibí a léiriú tine, áilleacht, creathanna talún, innealra d’ócáid faoi Leith féasta nó féile, bronnadh duaise, ag fágáil slán, ag dul a chodladh

• píosaí ina dtaispeántar feasacht agus smacht forásach ar gnéithe an cheoil

a chumadh agus a léiriú rithim, séis, luas, dinimic, uigeacht (teaglamaí fuaime) agus comhdhéanamh simplí tionscnaimh don bharra clingíní, ag úsáid na nótaí C, D, E, G, A

séis a chumadh, le cuisle chúig-bhuille, ag coinneál luas socair, ag seinm go

bog, go glórach nó le codarsnacht áirithe, ag seinm roinnt nótaí le chéile

agus ag leanúint plean shimplí

• patrúin shéiseacha agus rithimeacha a athghairm, a fhreagairt agus a

chruthú, ag úsáid guthanna, cnagadh coirp agus uirlisí patrúin shéiseacha agus rithimeacha a athghairm, a fhreagairt agus a chruthú, ag úsáid guthanna, cnagadh coirp agus uirlisí comhráite canta múinteoir: ‘m l l s m r m—’ páiste: ‘m l l s m r d—’

uirlisí séiseacha á n-úsáid ostinato (patrún a léirítear arís agus arís eile) rithimeach d’amhráin choitianta a bhualadh nó a chnagadh

agus curfá ‘This Ole House’ a chanadh

                                                                                                                               

Snáithaonad: Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh

  • cur síos a dhéanamh ar a c(h)uid oibre féin agus obair páistí eile agus í a phlé
    mar a roghnaíodh na huirlisí
    mar a rinneadh na fuaimeanna
    cad iad na maisíochtaí a tháirgigh siad
    ar éirigh leis/léi na cuspóirí a bhí aige/aice a aimsiú
    cad iad na hathruithe atá riachtanach
    conas ar thaitin sé leis/lei/leo na fuaimeanna a iniúchadh agus an rud ab fhearr a thaitin leis/léi/leo
  • siombailí grafacha a chumadh nó nodaireacht chaighdeánach a úsáid chun patrúin agus tionscnaimh shimplí cheoil a scríobh agus a thaifeadadh
    Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh
  • píosaí cumadóireachta a thaifeadadh ar mheáin leictreonacha
    m.sh. úsáid a bhaint as méarchlár, as ríomhaire srl.

Leiriú:

Sa snáíth Leiriú cuirtear béim ar na nithe seo a leanas;

  • rannpháirtíocht ghníomhach thaitneamhach
  • scileann, tuiscint agus eolas a fhorbairt
  • dearadh agus suimeanna na leaní a chur chun cinn
  • cruthaitheacht a fhorbairt

Múintear amhráín agus déanfar machnamh ar na saincheitheanna seo a leanas:

Glór/ taifeadadh/ uirlisí/bileoga a úsáid/foghlaim trí éisteacht/ an tamhrán a roghnú/ cloí le réimse glóir na leanaí/ achmhainní.

Naíonáín:

Amhránaíocht

• amhráin agus séiseanna aithnidiúla ó fhoinsí eile a aithint agus a chanadh

rainn agus amhráin do pháistí

rainn Ghaeilge

gníomhamhráin

cluichí agus amhráin chlóis nó sráide

foinn phobail ón teilifís agus ón raidió

• séiseanna gearra a aithint agus aithris a dhéanamh orthu mar mhacalla,

tuiscint do thuinairde a fhorbairt

foinn shimplí dhá-nóta nó trínóta agus cluichí amhránaíochta, a foghlaimíodh

trí aithris, gan bheith feasach ar na hainmneacha sólfá

• an buille cothrom a thaispeáint agus é/í ag éisteacht le hamhráin nó le

cantaireachtaí rithimeacha nó á dtionlacan

ag máirseáil, ag greadadh bos, ag cnagadh an bhuille

• a thaispeáint, agus é/í ag canadh, cé acu an bhfuil fuaimeanna ag

gluaiseacht ó ard go híseal nó ó íseal go hard

cromadh d’fhuaim íseal, síneadh suas d’fhuaim ard

léiriú le luailí géag

• amhráin agus rainn a léiriú le tuiscint do rialú dinimice (glórach/bog)

nuair a oireann sé

amhránaíocht bhog shéimh do shuantraí

amhránaíocht ghlórach fhuinniúil d’fhonn máirseála nó do ghníomhamhrán

Amhráin

Buenos Dias

Ag campáil

Beet and Cherry

Is Cnó me

Lá Sneachta

Comharthaí Solfege:

Do- C le chéile

Re- D doo wop

Mi- Hola E

Fa- Fabulous F

Sol- G oh G

La- Aloha A

Ti- Bonjour mon ami B

C ard agus C íseal

Ag canadh le solfege (do mi agus sol)

Cluichí éisteachta : Cén nóta é? / an corda é?

Cluichí Coirp:

Gread gread bualadh bos

Solfege le canadh agus comharthaí lámh solfege:

Snáithe: Léiriú

Tús na litearthachta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

• fuaimeanna roghnaithe a chur leis na pictiúir a fhreagraíonn dóibh

déanann an múinteoir dordán ar ‘Tá Leoraí Mór ag Teacht’ nó ‘Buail do Bhosa’

agus roghnaíonn an páiste pictiúr de leoraí nó de lámha mar an tsiombail a

fhreagraíonn dó

• patrúin shimplí rithime a aithint ó shiombailí pictiúrtha agus iad a léiriú

buaileann an múinteoir patrún simplí rithime as bailiúchán de phatrúin atá ar

eolas ag na páistí agus atá comhdhéanta de ‘leon’ (buille singil) agus ‘coileáin’

(dhá leathbhuille); déanann na páistí aithris ar an rithim.

leon leon coileáin leon

muc bainbh bainbh muc

Seinm uirlisí

• cnaguirlisí simplí a sheinm

agus greim

Cluichí éisteachta : Cén nóta é? / an corda é?

Cluichí Coirp:

Gread gread bualadh bos

Solfege le canadh agus comharthaí lámh solfege:

Do re me fa sol la ti do

do re mi fa sol sol do

do ti la sol do re do

do re mi fa do ti to

sol fa mi re do ti  do

do ti la ti do ti do

do ti la tido ti do

do mi sol fa mi re do

 Cluiche : Cén t-amhrán atá ann?

mi fa mi fa mi re do (C major)

mi fa mi fa mi ti do

do mi re fa mi sol do

do mi re fa mi ti do

mi sol fa la sol ti do

sol mi fa re mi ti do

sol mi fa re mi ti do

ti sol la fa sol mi do

ti sol la ti ti sol do

sol la ti do re do ti la sol fi sol ( G major)

sol la ti do re do ti la sol fi sol ( G major)

fa sol la te do te la sol fa do fa  (F major)

fa sol la te do te la sol fa do fa  (F major)

re mi fi sol la sol fi mi re di re (D major)

re mi fi sol la sol fi mi re di re  (D major)

te do re me fa me re do te fa te (B maol major)

te do re me fa me re do te fa te  (B maol major)

Litearthacht:

Lán nóta; Croisín; minim ; camán; sos;

Teanga: Gearr agus fada

Mata: ag comhaireamh; patrúin; cruth agus spás; dathanna; ag suimiú

Ag comhaireamh buille( Lán nóta; Croisín; minim ; camán; sos;)

Cuir triantán timpeall ar an nóta C; ciorcal timpeall ar G; cearnóg ar E agus diamant ar sos

Cuir dath dearg ar C

Ag tarraint an litir C agus uimhir a haon

Cuir dath oráiste ar an cloigin D

Ag tarraingt an litir D agus uimhir a dó

Cuir dath buí ar an cloigin E

Ag tarraingt an litir E agus uimhir a trí

Ag dathú E (mi) buí

Ag dathú G (sol) téal

C agus “ssh” (sos)

Do mi sol (corda C Major)

Ag meaitseáil solfege leis na litreacha ceoil

Beidh na bunchéimeanna a dhéanamh sna bunranganna. Spreagfar na leanaí chun aithris a dhéanamh ar an múinteoir/ nó na dlúthdhiosca agus ag tabhairt tuinairde, dinimic, luas agus rithim san aireamh.

Ní tharrangofaí aird ar an duine lag ach déanfar é a mholadh don iarracht. Beidh an tamhrán in oiriúint don rang. Déanfar na céimeanna agus scaipfear na hamhránaithe maithe idir na hamhránaithe laga.

Ranganna 1&2

Amhránaíocht

• raon forásach d’amhráin agus de shéiseanna a aithint agus a chanadh le

breis smachta ghutha agus muiníne

amhráin agus cluichí chlós na scoile

foinn tíre

gníomh-amhráin

amhráin Ghaeilge

foinn phobail

téamaí ón teilifís agus ón raidió

ina measc ba chóir go mbeadh:

foinn peinteatonacha (bunaithe ar chúig nóta: d, r, m, s, l)

• séiseanna gearra a aithint agus aithris a dhéanamh orthu mar mhacalla

‘Féileacáin’, ‘This Old Man’,

• an buille (cuisle) cothrom a thaispeáint agus é/í ag léiriú amhrán

coitianta, cluichí canta nó cantaireachtaí rithimeacha

ag canadh an fhoinn agus é/í ag bualadh nó ag cnagadh an bhuille

cantaireacht

‘Buail ar an Doras’

• an difríocht idir buille agus rithim a thuiscint

ag máirseáil don bhuille agus é/í ag greadadh bos le rithim nó le focail amhráin

coimeádann grúpa amháin an buille, buaileann grúpa eile an rithim, canann

grúpa eile an t-amhrán

• cruth séiseanna a aireachtáil a bheith ag dul suas, ag teacht anuas nó ag

fanacht mar an gcéanna

séis ag teacht anuas

an dara leath de ‘Cuach mo Londubh Buí’

an chéad líne de ‘Cuir Lúcháir ar an Domhan’

• an dinimic is oiriúnaí d’amhrán (glórach, bog) a roghnú

amhránaíocht bhog shéimh do shuantraí

amhránaíocht ghlórach fhuinniúil do mháirseáil

nó ghníomhamhrán

• difríochtaí soiléire a chruthaítear idir coda amhrán i bhfoirmeacha éagsúla

a thabhairt faoi deara

véarsa agus loinneog, glaoch agus freagairt

aonréad cór, ceist agus freagra.

Forbraítear scileanna amhranaíochta éifeactúla. Déanfar machnamh ar shaincheisteanna  a bhaineann le : modheolaíoct teagaisc/stiúradh/caighdeán glóir a fheabhsú/cleachtadh glóir/spreagadh na nithe seo a leanas- cumadh i bpáirteanna, rothlaim a theagasc/ amhráin le páirtí (diséad) agus amhráin i bpáirteanna.

Déanfaí iarracht deireadh a chur le deacrachtaí sa chanadh trí cluichí gutha a úsáid, ar nós aithris ar éin nó ar ainmhithe, ar thormán innill nó ar bhonnáin, aithris ar ghuthanna carachtair i gcartúin chomh maith le haithris a dheanamh ar ghuth an mhúinteora. Ba chóir chomh maith na cantóirí laga a chur os comhair na cantóirí maithe.

Úsáidtear an-chuid cur chuige maidir le literathach ceoil mar shampla nodaireacht ghraoch ar dtús, ansin an nodaireacht caighdéanach siollaí rithime, slatnodaireacht agus luachanna caighdeánacha nótaí.

Cuirtear deiseanna ar fáil d’uirlísí a sheinim ag ócaidí speisialta más mian leis an múinteoir ranga mar shampla ag ceolchoirm na Nollag agus ag an gCéad Comaoineach.

Rang 1-6

 Feadóg Stain portanna mar shampla

Rang 1:

Hot Cross Buns (tosnú ar F agus ag tosnú ar B)

Réailtín, Réailtín

An scála

Rang 2:

Seanfhear Grinn

Aindí  leisciúil

Bhí Uainín Beag Ag Máire

Rang 3& 4:

Droichead Londain

Row Your Boat

Seán South

Rang 5&6:

The Britches Full Of Stitches ( pólca)

Oh When The Saints (Máirseáil)

Fáinne Geal An Lae

Amhráin: mar shampla

Amhráin na Nollag

Mo Ghile Mear

Deoraíocht

Oscail na Doirse

An Páistín Fionn

Adeimus

Baintear úsáid as uirlisí séiseacha- feadóga stáin, ó rang a hon suas.

Cuirtear deiseanna ar fáil d’iomlua a dheanamh le haghaidh lucht féachana ag amanta áirithe mar shampla:

  • laistigh den rang
  • ranganna eile
  • tuismitheoirí
  • an pobal i gcoitinne (carúil agus ag ócáidí ar nós an Chéad Chomaoineach).

Reachtálfar ceolchoirmna scoile agus ceoldrámaí scoile.

Cé go mbeidh gach múinteoir ar múineadh gach ceann de na snáitheanna, beidh béim faoi leith ar léiriú.

  • Beidh béim ar na nguth mar phíomh uirlis na ndaltaí
  • Beidh béim curtha ar an amhránaíocht traidisiúnta agus ar seimnt uirlisí traidisiúnta.
  • Cuirfear tús leis an bhfeadóg stain  i rang a haon. Ní mór don mhúinteoir téarma iomlán amháin a chaitheamh ar an bhfeadóg stain nó deich seachtaine, briste suas tríd nab liana már fearr léi.
  • Beidh ranganna veidhlíne agus piano ar fail do leanaí .

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Rithim

• rithimphatrúin choitianta a aithint agus a léiriú ó mheabhair agus ó

nodaireacht

leon leon coileáin leon

Lú Lú Corc-aigh Lú

ta ta ti ti ta

ti ti ta ti ti ta

Tuinairde

• cruth (comhrian) séise simplí a aithint

Suas síos suas is síos ... srl.

Mar léiriú amháin:

Luach an nóta Ainm an nóta Siolla rithime Slatnodaireacht Nodaireacht

chaighdeánach

1 bhuille croisín ta

bhuille camán ti nó ti-ti do 2 chamán

Sos aon bhuille sos croisín (gotha) Z

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Amhránaíocht aoncheoil

• stór forásach d’amhráin a chanadh ó chuimhne le breis smachta gutha,

muiníne agus mothaithe

amhráin Ghaeilge

amhráin agus cluichí clóis

foinn tíre ó thíortha eile

gníomhamhráin

rothlaim nó canónacha simplí

amhráin den chineál ‘glaoch agus freagairt’

iomainn agus carúil shimplí

ina measc ba chóir go mbeadh:

amhráin pheinteatonacha (bunaithe ar chúig nóta: d, r, m, s, l)

amhráin sna mórghléasanna agus sna mionghléasanna

• breis smachta ar chuisle (buille cothrom) agus ar luas a thaispeáint agus

é/í ag canadh fonn coitianta

fonn a chanadh agus ag an am céanna an buille a chnagadh nó a bhualadh

agus an luas ceart a choinneáil

• an difríocht idir buille agus rithim a thuiscint

i ngrúpaí: ag coinneáil an bhuille, ag cnagadh na rithime agus ag canadh

an amhráin

páistí aonánacha: ag máirseáil don bhuille, ag cnagadh na rithime agus ag

canadh an amhráin

• amhráin choitianta a léiriú le tuilleadh tuisceana agus smachta thuinairde

(idirchéimeanna cruinne) agus i raon leathnaithe gutha

‘An Chuach’—amhrán tíre Gearmánach

‘Bog Braon don Seanduine’

• amhráin choitianta a léiriú le tuilleadh feasachta ar dhinimic, ar mhíriú

(sosanna oiriúnacha sa cheol) agus ar mhothú

suantraí

‘Dún do Shúile’, ag úsáid na hanála mar thaca léirit

Snáithe: Léiriú

• na difríochtaí a chruthaítear idir mhíreanna d’amhráin i bhfoirmeacha

éagsúla a shonrú

véarsa agus loinneog

glaoch agus freagairt

aonréad-cór

ceist agus freagra

comhdhéanamh amhráin cheithrelíne (amhail i bhfilíocht nó i véarsaíocht)

Páirtamhránaíocht shimplí

• ostinato (patrún a athdhéantar arís agus arís eile) rithimeach nó séiseach

nó dordán (nótaí fada marthanacha) a léiriú mar thionlacan d’amhrán

rithimeach

patrún mar a bhualadh nó a chnagadh

le linn bheith ag canadh ‘Frère Jacques’

séiseach (i ngrúpaí)

grúpa amháin ag canadh ‘Pour on water—’ (s f m m) fad is atá grúpa eile

ag canadh ‘London’s Burning’

canann grúpa amháin ‘Frère Jacques’ fad is a choinníonn grúpa eile an nóta

‘doh’

• rothlaim shimplí in dhá pháirt nó níos mó a léiriú, i ngrúpaí

‘Three Blind Mice’

Ábhar do ranganna 3 agus 4

Litearthacht

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Rithim

• rithimphatrúin amhrán agus cantaireachtaí aithnidiúla a aithint agus a

shonrú

ti ti ti ti ta ta ti ti ti ti ta -aa

Siúd a- mach a’ teo teo Siúd is -teach a’ teo teo

• roinnt siombailí caighdeánacha a aithint agus a úsáid chun méadar (am)

agus rithim a chlárú

aon bhuille (croisín)

leathbhuille (camán)

sos aon-bhuille (sos croisín)

dhá bhuille (minim) mar rithimphatrúin slatnodaireachta

in am , nó in am

Luach Ainm Siolla Slatnodaireacht Nodaireacht

an nóta an nóta rithime chaighdeánach

1 bhuille croisín ta

bhuille camán ti (nó ti ti

do dhá chamán)

sos 1 bhuille sos croisín (gotha) Z

2 bhuille minim ta-aa

3 bhuille minim ta-aa-aa

Tuinairde

• foinn choitianta shimplí a aithint agus a chanadh ar bhealaí éagsúla

mar dhordán

canta mar shiolla amháin (m.sh. da da da)

ó chomharthaí láimhe

canta i sólfá tonach

• cruth (comhrian) séiseanna a aithint ar scór grafach nó i nodaireacht

chaighdeánach

‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’—tosaíonn an fonn ar nóta ard, gluaiseann

anuas, filleann go nótaí arda agus faoi dheireadh críochnaíonn ar nóta íseal

• siombailí caighdeánacha a úsáid chun raon teoranta de nótaí agus de

phatrúin shéiseacha a aithint agus a chanadh

sólfá tonach

comharthaí láimhe

sólfárithimeach (slatnodaireacht le hainmneacha sólfá)

cliathnodaireacht shimplithe

ag tuinairde níos airde

cliath mhéar (is ionann gach méar agus líne ar an gcliath)

cliathnodaireacht iomlán (cúig líne).

*Patrúin shéiseacha agus idirchéimeanna a mholfaí bunaithe ar na nótaí s, m, l, r, d:

s-m m-s l-s-m s-l l-s s-l-s-m ss-ll-ss-mm s-ml-s-m l-m m-l

s-d s-m-d d-m-s d-s m-r-d d-r-m d-r r-d.

Ullmhaigh: lah íseal (l

'

 soh íseal

'

 agus doh ard (d')

Ábhar do ranganna 3 a

Litearthacht

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Rithim agus tuinairde

• siombailí caighdeánacha a úsáid chun rithim agus tuinairde shimplí a

bhreacadh síos

slatnodaireacht le hainmeacha sólfá scríofa faoina bun

cliathnodaireacht shimplithe (dhá líne nó trí líne)

nó ar tuinairde níos airde

cliathnodaireacht (cúig líne)

• a fhionnachtain mar is féidir foinn pheinteatonacha (bunaithe ar chúig nóta:

d, r, m, s, l) a léamh, a chanadh agus a sheinm in doh G, doh C, nó doh F

fonn coitianta

‘Óró ’Sé do Bheatha ’Bhaile’ (doh G)

Seinm uirlisí

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

• bealaí éagsúla a aimsiú chun cnaguirlisí agus uirlisí séiseacha a sheinm

ligean don bhata preabadh ar an mbarra clingíní chun fuaim fhada

thonnchreathach a chruthú

fuaim an triantáin a mhúchadh trí lámh a leagan air

druma a scríobadh nó a bhualadh

roinnt de na poill ar fheadóg stáin a chlúdach chun deireadh a chur le

fuaimeanna díoscánacha

• cnaguirlisí a úsáid chun an buille nó an rithim a thaispeáint agus é/í ag

tionlacan amhrán nó cantaireachtaí rithimeacha

ostinato (patrún a athdhéantar arís agus arís eile) rithimeach a sheinm mar

thionlacan do shéis choitianta

• foinn shimplí choitianta a aithint agus a léiriú ó mheabhair nó ó

nodaireacht

cnaguirlisí tiúnta, barraí clingíní a roghnaíodh, nó glockenspiel nó xileafón a

cuireadh i ngléas a úsáid

uirlisí séiseacha a úsáid

feadóg stáin nó fliúit Shasanach

foinn pheinteatonacha (bunaithe ar chúig nóta: d, r, m, s, l) a sheinm ar

eochracha dubha an mhéarchláir.

Beidh ranganna Ukelele ar fáil do Rang 3-6

Ábhar do ranganna 3 agus 4Nascadh:
Éisteacht agus freagairt -- Iniúchadh fuaimeanna
Léiriú -- Ag seinm uirlisí (d'fhéadfaí patrúin a iniúchadh sa snáithe Litearthacht a bhí isteach i bpíosaí cumadóireachta an pháiste)

Amhránaíocht: Gramadach na Gaeilge a fhoghlaim mar ceacht ceoil le cór na scoile

Mar shampla:

Inné d’ól tú cupán tae,

D’fhág tú an chistin,

Thóg tú do chupán agus nigh tú é

Scuab tú an t-úrlár,

D’fhéach tú amach an fhuinneog,

Rith tú amach,

Thit tú ar an mbóthar,

Bhris tú do chos

Inné d’ólamar cupán tae,

D’fhágamar an chistin,

Thógamar na cúpáin agus níomar iad,

Scuabamar an t-úrlár,

D’fhéachamar amach an fhuinneog,

Ritheamar amach,

Thiteamar ar an mbóthar,

Bhriseamar ár gcosa

Inné d’ól sibh cupán tae,

D’fhág sibh an chistin,

Thóg sibh na cupáin agus nigh sibh iad,

Scuab sibh an t-úrlár,

D’fhéach sibh amach an fhuinneog,

Rith sibh amach,

Thit sibh ar an mbóthar,

Bhris sibh bhúr gcosa

Inné, níor ól mé tae,

Níor fhág mé an chistin,

Níor thóg mé an cupán agus níor nigh mé é,

Níor scuab mé an t-úrlár,

Níor fhéach mé amach an fhuinneog,

Níor rith mé amach,

Níor thit mé ar an mbóthar,

Níor bhris mé mo chos

Inné ar ól mé cupán tae?

Ar fhág mé an chistin?

Ar thóg mé an cupán?

Ar nigh mé é?

Ar scuab mé an t-úrlár?

Ar fhéach mé amach an fhuinneog?

Ar rith mé amach?

Ar thit mé ar an mbóthar?

Ar bhris mé mo chos?


Comhtháthú:
Na hamharcealaíona                                                                                                                     Stair: Scéalaíocht; Staidéir áitiúla srl.

Gaeilge: Gramadach na Gaeilge

2.Cur chuige agus modhanna teagaisc

Na gnéithe ceoil

Tá na coincheapa ceoil bunaithe ar na gnéithe ceoil. Is iad na gnéithe seo bloic thógála an cheoil agus bíonn siad comhtháite lena chéile i ngach gníomhaíocht cheoil.

Buille:

Is é an buille ann ná an bunbhuille nó cuisle I gceoil, ar féidir é a bhraith I rith aon phíosa ceoil a bhfuil buille láidir aige, i mairseáil nó i bport mar shampla. D’fhéadfadh an buille a bheith láidir nó lag, nó d’fhéadfadh buillí a bheith cruinnithe le chéile, mar shampla ina dtríonna nó ina gceathaireanna.

Ré:

Baineann ré le fad fuaime, bíodh an fad sin fada nó gearr. Déanann uirlis athshondach, ar nós ganga, fuaim fhada ach déanann bloic adhmaid fuaimeanna gearra. Is féidir fuaimeanna fada agus fuaimeanna gearra a chur le chéile ibpatrún chun rithim a chruthú.

Luas:

Is iad nádúr an cheoil deaslámhaí an oirfidigh agus castacht na n-úirlisí a shocraíonn luas an cheoil. Is féidir mothúchain ar nós eagla, scleondair nó suaimhnis a chur in iúl ach luas iomchuí a roghnú

Tuinairde

Baineann tuinairde le hairde agus le doimhneacht fuaime agus le cóiriú fuaimeanna chun séis a dhéanamh. Is coincheapa iad tuinairde níos airde ná agus níos ísle ná a thógann roinnt ama lena sealbhú.

Dinimic:

Baineann dinimic leis an leibhéal fuaime, bíodh sé glórach nó bog. Braitheann sí ar líon na n-oirfideach a bhíonn ag glacadh páirte agus ar an bhfuinneamh á úsáidtear. Is féidir cur go mór le héifeacht na seanma trí dhinimic iomchuí a roghnú ach ní mór í a rialú go cúramach chun a raon iomlán a úsáid i ceart.

Comhdhéanamh:

Tagraíonn comhdhéanamh don tslí ina n-eagraítear píosa ceoil. Faigheann páistí óga taithí ar chomhdhéanamh agus iad an-óg trí bheith ag éisteacht le scéalta, trí bheith ag réiteach fadhbanna matamaitice nó ag leibhéal níos simplí, trí ord a chur ar a gcuid bréagán. Bunaítear comhdhéanamh sa cheol ar úsáíd a bhaint as athdheanamh as patrún agus as cadarsnacht.

Tondath:

Tagraíonn tondath do chailíocht aus d’inathraitheacht fuaime. Déanann uirlisí ceoil fuaimeanna éagsúla agus ní bhíonn an fhuaim chéanna ag guthanna, fiú nauir a bhíonn na focail chéanna á rá nó á gcanadh. Téann an dóigh ina n-úsáidtear guth nó uirlisí i bhfeidhm ar thondath tréitheach píosa ceoil agus spreagtar freagairt dhifriúil sa lucht éisteachta.

Uigeacht:

Baineann uigeacht le sraitheanna fuaime agus leis an gcaoi a gcuirtear fuaimeanna le chéile, ó uirlis aonréadach go líon mór foinsí fuaime ag léiriú le chéile

Stíl:

Is é an rud atá i gceist le stíl ná cur i bhfeidhm na ngnéithe eile ceoil eile ar fad: an rogha uirlisí, an teanlaim fuaimeanna an méid ina bhfuil sé tapa nó mall agus an léibhéal glór lena seinntear iad, na patrúin shéiseacha agus na patrúin rithimeacha agus an tslí ina n-eagraítear an ceol

Na trí snáithe curaclaim:

Is iad na cuspóirí agus na spriocanna a rianaítear i snáitheanna an ráitis churaclaim éisteacht agus freagairt, léiriú, cumadóireacht, an bunchreat pleanála le haghaidh an churaclaim. I measc na saincheisteanna nach mór a phlé ag gach leibhéal ranga áirítear; na sleachta le haghaidh cleachtaí éisteachta, an stór amhrán, cluichí agus ceoil uirlise a mhúinfear, leithne na dtionscadal cumadóireachta, agus teicníochtaí taifeadta.

3. Nascadh agus comhtháthú

Comhtháthú:

Is modh éifeachtach teagaisc é páistí a bheith i mbun gníomhaíochta a chuimsíonn roinnt cuspoirí as achair d’abhair leinn éagsúla, agus is prionsabal tabhachtach sa churaclam é an modh sin a chleachtadh. D’fhéadfadh téamaí comhtháite bheith an-spreagúil do phaistí agus d’fhéadfaidís sin an –sásamh a bhaint as bheith ag obair orthu. Bíonn cur chuige den saghas seo an-éifeachtach i suíomh ilrangacha i scoileanna beaga.

Agus ag cur chuige comhthaite á bheartú ba cheart a dheimhniú

Gur chomhpháirt shuntasach den stáidéar é an ceol agus go mbeadh an ceol sin ag teacht leis an gcuraclam. Mar shampla, nuair a bheadh amhráin a d’oirfeadh do théama á roghnú ba chóir go ndéanfadh an múinteoir deimhin de go mbeadh raon na nótaí agus na bhfocal san amhrán oiriúnach do na páistí freisin.

Go gcuimseofaí líon inlaimhsithe de shnáitheanna nó d’abhaie léinn

Is féidir go ndéanfaí comhtháthú ar roinnt bealaí. I ráiteas an churaclaim tagraítear do heangail laistigh den cheol féin mar nascadh agsu tugtar comhtháthú ar na cónaisc a tharlaíonn idir an ceol agus achair d’abhair léinn eile

Nascadh sa cheol:

I ngeall ar an gcomhghaol atá idir na trí shnáithe sa churaclam Éisteacht agus fhreagairt,leiriú agus cumadóireacht, oireann siad go breá don fhoghlaim chomhthaite agus cuireann an saghas sin foghlama go mór leo. Mar shampla d’fhéadfadh tobchumadh sa snáithe Leiriú eascairt go cruinn díreach as an snáthaonad “Iniúchadh fuaimeanna” sa snáithe “Eisteacht agus Freagairt” agus d’dhéadfadh obair ag ceim an taifeadta sa snáithe Cumadóireacht cur leis an snáithanad “Litearthacht”

4. Measúnú

Is iomaí feidhm is féidir a bheith leis an measúnú, ach den chuid is mó tá gá leis mar chabhair chun na hathruite ba chóir a dhéanamh sa teagasc a aithint, agus mar chabhaur chun cinneadh a dhéanamh faoi ullmhacht an pháiste don chéad aonad foghlama eile. Is iad seo a leanas cuspoirí an mheasúnaithe sa cheol:

Riachtanas na ndaltaí a shásanmh, tógáil ar a saineolas agus ar a dtuiscint agus a n-achmhainn chun ceoil a fhorbairt.

Laigí I ngnóthachtáil na ndaltaí sa cheol a aithinht

An teagasc ina dhiadh sin a threorú

Achoirme a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach go dtí seo.

Breathnóireacht a dhéanamh ar rannpháirteach an pháiste sa cheol agus I ndéanamh ceoil, ar a dhearcadh I leith ceoil agus I leith déanamh ceoil, ahis iad a threorú

Bunsraith a shólathar ar a mbunófaí idir thaifeadadh ar dhul chun cinn an pháiste agus thuairisc do thuismitheoirí agus do dhaoine gairimiúla eile

An chinnteoireacht maidir le forbairt nó éifeacht an churaclam a threorú.

Díbhreathnú an mhúinteoira

Ceann se na bealaí is éifeachtaí chun léargas a fháil ar fhoghlaim páistí ná bheith ag breathnú orthu fad a bhíonn siad ag smaoineamh agus ag gníomhú go ceolmhar. Bunófar an bhreathnóireacht

  • ar bhreathnú ar a n-iompraíocht agus iad ag canadh, ag seinm uirlise nó ag cruthí a gceoil féin
  • ar éisteacht leis na páistí agus iad ag caint faoi gceol lena raibh siad ag éisteacht

Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir

Ina measc seo áiritéar an líon mór tascanna, trialacha seicéala neamhfhoirmiúla agus spriocanna foghlama a cheapann an múintoeir i gcomhair na bpáistí mar chuid den ghnáth-theagasc. Is féidir iad a úsaid chun fáisnéis shuimitheach ar ghnóthachtáil sa cheol a shólathar ag deireadh aonaid oibre

Samplaí oibre agus bailiúchain:

Is féidir bailiúchain a úsáid chun gach sampla oibre, gach toradh trialacha agus gach toradh foghlam sa cheol a bailíodh I rith tréimse áirithe a chur I dtaisce. Is féidir iad a chur i láthair mar fhianaise fháisnéiseacha nó mar shamplaí chun obair a cuireadh I gcríoch a léiríú. D’fhéadfaí an fhreagracht as a fhoghlaim agus a mheasúnú féin a roinnt leis na bpaistí trí ligean dó/di samplaí oibre torthaí athmhachnaimh agus torthaí feinmheasúnaithe a roghnú lean gcur sa bhailiúcháin.

Tionscadail:

Tugann tionscadail deiseanna do pháistí ar bheith ag obair i gcomhair lena chéile, ar scéimeanna ar an mórchóir, go hairithe. Is fiú leas a bhaint astu chun measúnú a dhéanamh ar phróisis chomhtháithe sa cheol.

Proifílí curaclam:

Taifid ar ghnóthachtail páistí is ea próifílí curaclaim agus, go búnasach bíonn siad bunaithe ar chuspóirí sa churaclam. D’fhéadfadh an múinteoir iad a úsáid chun breitheanna neamhfhoirmiúla a thabhairt ar ghnóthachtáil páistí sa cheol.

5. Páistí le riachtanas spéisialta

Ní fóláir a chur ar chumas páistí a bhfuil riachtanach éagsúla orthu forbairt a dhéanamh ar eolas, ar scileanna agus ar thuiscint cheoil taithí a fháil ar na ghnéithe ceoil agus deis a thabhairt dóibh a gcruthaitheacht a léiriú trí dhul i ngleic le gníomhaíochtaí ceoil ar bhealach strúchtúrtha. B’fhéidir go mbeadh ar an múinteoir tabhairt faoin ábhair céanna ar bhealaí éagsúla chun é a chur i láthair páistí difriúla. Agus bheadh gá le solúbthacht dá réir sa phleáináil agus san ullmhúchán. I bhfórmhór na gcásanna is féidir leis an bpáiste faoi mhíchumas rannpháirtíocht a ghlacadh i gceol an ranga ach roinnt modhnuithe nó athruithe a dhéanamh, go hairithe in achair an léirithe agus na cumadóireachta, chun freastal ar an c(h)uid riachtanas. Beidh rudaí faoi le ag teastáil ó pháiste nach bhfuil an comhordu go maith aige/aici, rudaí mar am sa bhreis chun scil a chleachtadh, uirlís cheoil oiriúnach ar furasta í a sheinm, nó uirlis is féidir í a sheinm le leathláimh. Ba chóir go spreagfaí an páiste le dul chun cinn sa cheol a dhéanamh ó bheith ag seinm uirlise le dhá lámh. Beidh taca oiriúnach dá (h)uirlis, nó uirlis a dhearadh go spéisialta dó/di nó a cuireadh in oiriúint dá c(h)uid riachtanas ar leith ag teastáil ó pháiste faoi mhíchumas ficiseach. Teastaíonn timpeallacht chiuín foghlama de dhíth ar pháiste atá faoi bhac éisteachta agus i measc a riachtanas d’fhéadfadh go mbeidh gá aige le huirlis a mbeidh tuinairde íséal nó ard aici. Ba chóir ceoil a d’fhéadfaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair a thabhairt do na páistí. Beidh an chuid spreagtha agus athrá treoracha ag teastáil ón bpáiste a bhfuil deacrachtaí foghlama aige/aici. Is féidir tacu le foghlaim coincheap teoiriciúil trí amharcshiobailí agus amharcleideanna a úsáid. Bainfidh páiste a bhfuil deacrachtaí mothúchánacha nó iompraíochta aige,aici leas as dul trí raon de ghníomhaíochtaí taitneamhacha ceoil. Ba chóir go mbeadh na gníomhaíochtaí seo struchtúrtha agus go mbeadh rialacha sonracha agus treoracha soiléire le. Ba chóir go mothódh an pásite a spás pearsanta féin a bheith aige dá chuid oibre agus go mbeidh saoirse aige,aici lena smaointe féin a thástáil.

6. Comhionnas agus Rannpháirtíocht

- Is féidir leis na páistí éisteacht le reimse ceoil difriúla ó tíortha eile.

- Má tá aon cheoltóir airithe sa cheantar is féidir leo teacht isteach sa scoil agus na scilleanna ceoil a roinnt leis na páistí

- Is féidir le tuismitheoirí, gaolta nó cairde teacht isteach agus a gcuid scilleanna ceoil a chur i láthair do na páistí.

  • Ullmhúcháin

7. Amchlár

- Tá trí uaire i naghaidh na seachtaine ag dul go dtí an oideachas Ealaíon do ranganna 1-6 agus dh á uair go leith do na naíonán

8. Achmhainní agus TEC

Fearas agus clár ríomhaire,táibléid, ceol ar youtube; taifeadtaí cloiste agus amharcthaifeadtaí, teicneolaíocht ríomhaire agus méarchlár

Cnaguirlisí agus uirlisí séiseacha

Leabhar do mhúinteoirí, cnuasaigh amhrán, leabhar samointe

Beidh trealamh bunasacha áirithe ag teastáil ó scoileanna chun an curaclam ceol a bhur I bhfeidhm agus ba chóir saoineamh air ag céim an pléanála. Cé gur féidir an-chuid cnaguirlisí a dhéanamh as seanmhiotal, tá sé tabhachtach go mbeadh taithí ag páistí ar uirlísí don scoth a sheinm. Bheadh uirlisí a léireodh tondathanna éagsúla agus teicníochtaí seanma éagsúla, druma , tambóirín agus bhunchnuasach de chnaguirlisí a mholfaí. Ba chóir go mbeadh téipthaifeadan nó seinnteoir dlúthdhiosca den scoth ag gach scoil. Chun taifeadtaí a sheinm do na pásití agus chun a bpíosaí cumadóireachta ceoil féin a thaifeadadh freisin. Bá chóir go mbeadh uirlis thuinairde ar fáil do gach múinteoir.

Is féidir leis na páistí a gcuid uirlisí féin a thabhairt isteach agus iad a chasadh os comhair an rang.

Cuireann teicneolaíocht ilmhéan tacaíocht ardteicneolaíochta ar fáil chun bheith ag ésiteach sa seomra ranga trí spreagadh amhairc agus trí spreagadh éistitheach araon a thabhairt do na páistí. Dearadh ríomhaire ilmhéan chun an fhuaim a chomhcheangal le samhlaoidí amhairc. D’fhéadfadh gur phictiúrí, scánnán, bheochain, ghrafaicí nó chairteacha, nodaireacht chaighdéanach nó théacs iad na samhlaoidí seo. Éiríonn an chuid paistí cleachtach ar an teicneolaíocht ilmhéan trí cluichí idirghníomhacha físéain ina measctar an bheocahn le himeartas fuaime agus le ceol a imirt. Is é an buntaiste is mó dá bhfuol ag an teicneolaíocht ilmhéan ná a chumas ar aird na bpáistí a ghabháil trí rudaí atá spreagúil nádúrtha a chur ina láthair.

9. Sláinte agus Sábhailteacht

Agus ceacht ceoil a éagrú bionn sé tabhachtach na saincheisteanna sláinte agus sábhaáilteachta seo a leanas a mheas

  • léibhéail an ghleo sa seomra
  • aerú
  • an méid spás atá ar fáil do pháistí chun suí, seasaimh nó gluaiseachta
  • an trealamh ceoil a fhail agus a iompar
  • Má tá na páistí ag déanamh a gcuid uirlisí féin as ábhair athchursáila, tá sé tábháchtach déanamh cinnte go bhfil na hearraí glan agus sábhailte chun úsáíd.
  • Má tá na páistí ag tabhairt isteach uirlisí iad féin, déan cinnte nach bhfuil dé sa bhealach ar daoine sa seomra ranga agus go bhfuil an uirlis sábhailte freisin

10. Pleanála na Múinteoirí

  • Tá sé tabhachtach go ndéanann na múinteoirí Cuntas Míosúla gach Mí ag inseacht céard a dhearna siad sa gceol
  • Plean fadthearmach a dhéanamh, ag déanamh cinnte go bhfuil na snátheanna ar fad a chlúdú agus go bhfuil na múinteoirí inann diléail le páistí le riachtanas spéisialta
  • Plean ghearrthearmach a dhéanamh freisin sa gceol.
  • Teacht le chéile go rialta chun déanamh cinnte go bhfuil na téamaí ar fad a chlúdú ag na múinteoirí agus go bhfuil an bosca uirlisí ceoil snásta go rialta.

11. Forbairt na Foirne

  • Teacht le chéile agus comhra a bheith againn faoi na téamaí a thagann suas gach bliain agus céard atá gach múinteoir ag déanamh.
  • Ag déanamh cinnte go bhfuil na téamaí ar fad a dhéanamh againn agus go bhfuil dushlán difriúil ag gach rang.
  • Is féidir leis na múinteoirí cursaí samhraigh a dhéanamh nó cursaí eile i rith na bliana chun feabhas a chur ar na scileanna

12. Na Tuismitheoirí

Bíonn ról tábhachtach ag tuismitheoirí i gcur i bhfeidhm polasaí ceoil scoile. Ós rud é gur fearr bunsraitheanna an cheoil a leagan síos sna blianta tosaigh, bíonn an-dea thionchar ag aon taithí ar cheol a fhaightear sa bhaile agus ba chóir é seo a spreagadh i gconaí. Mar an gcéanna, d’fhéadfah na tuismitheoirí agus an paiste an taithaí cheoil a fhaigtear sa scoil a leathní sa bhaile trí

  • amhráin a foghlaimíodh ar scoil, nó áit éigin, a chanadh le chéile
  • éisteacht le ceol le chéile
  • imirt le fuaimeanna a aimsítrear

Is gá obair na ndaltaí sinsearacha sa bhunscoil a chothú ar an mbealach céanna agus a chothaítear ceoltóirí an pháiste óig atá ag teacht chun cinn. Tá sé tábhachtach go leanann tuismitheoirí de bhaint a bheith acu le saincheisteanna pleanala agus go gcoinníear ar an eolas iad faoi dhul chun cinn a bpásití ag gach céim. Is féidir le tuismitheorií tacaíocht thairbheach a thabhairt go ghníomhachtaí ceoil an pháiste scothaosta trí

  • tacú le héisteachta ghníomhach
  • dearadh i leith an cheoil agus dúil ann a phlé
  • am agus spás a chur ar fáil don pháiste chun seinm nó tobchumadh ar uirlis a chleachtadh
  • dearcadh dearfach i leith ceoil i gcoitinne agus i leith gníomhaíochtaí scoil, go hairithe a spreagadh

is féidir le tuismitheoirí cur go mór leis an gceol i scoileanna trí freastal ar imeachtaíscoile nó ranga, trí bheith i ról éisteoirí criticiúla nó mar bhaill de lucht éisteachta tacúil, nó trí chuidiú le maoirseacht a dhéanamh ar ghluaiseacht na bpáistí. Ba chóir scileanna tuismitheoirí ar ceoltóirí iad a chur san aireamh chomh maith nuair a bhíonn léiriú á phleanáil nó cumadóireacht ranga á chruthú

faigheann tuismitheoirí tuiscint níos fearr ar shaol na scoile agus ar obair na scoile de thoradh bheith ag tacú le gníomhaíochtaí cheoil, agusd’fheadfadh go bhfaigheadh an múnteoir léargas ní b’fhearr ar fhóras an pháiste sa cheol agus ar a f(h)orbairt mar pháiste iomlán.

13. An Phobail

  • Is féidir le leabharlann áitiúla tacaíocht a thairiscint do thionscadáil ranga ar bhealaí eagsúla. Tá sé ag éirí níos cothianta i measc na leabharlainna achmhainní amhairc agus closachmhainní a chur ar fáil, chomh maith leis na leabhair coithianta cheoil ina mbíonn eolas ar chumadoirí agus ar a gcuid saothaoir agus ar uirlisí ceolfhoirneacha, d’fheadfadh na hachmhainní closamhairc seo bheith an-luachmhar do scoileanna agus an curaclam ceoil a phléanáil agus a chur i bhfeidhm acu, is féidir len lán leabharlainne ábhar a chur ar fáil do scoileanna ar bhlociasacht. Is féidir leo freisin eolas a thairiscint faoi thionscnaimh ealaíne, faoi fhleánna nó faoi leachtaí speisialta a bheadh ar siúl go haitiúil nó go náisiúnta
  • Chomh maith leis sin is féidir leat dul go dtí leabharlanna spéisialta ceoil, áit a bhíonn irisí ceoil agsu reimsí rudaí eile
  • De ghnáth bíonn líon mór eagraíochtaí ceoil I bpobal ar bith pé acu pobal cathrach nó pobal tuaithe a bhíonn i gceist. I measc na n-eagraíochtaí sin bíonn roinnt grúpaí suntasacha, ar nós cumainn ceoil, ceoltóirí traidisiúnta, grúpaí amharclainne do dhamhsa agus do cheol agus cóir agus ceolfhoirne amaitéaracha. Bíonn patrúin cheoil eile nach mbíonn chomh feiceálach céanna ina gconaí sa phobal chomh maith, daoine mar chumadóirí agus cheoltóití áitiúla, mar oirfidigh agus chumadóirí ó chultúir eile, mar cheoltóirí gairmiúla as ceolfhoirne agus as racghrúpaí, amhránaithe, stiurthóirí agsu fhoilsitheorií ceoil, ar féidir leo go léir le clár bríomhar ceoil.

 Féidhmiú

  1. Freagracht
  • Tá Alma Ní Riain ag dreachtú an plean ceoil mar phairt den post freagrach. Chabhraigh na múinteoiri ar fad leis an plean seo a chur le chéile trí crunniú a bheith acu agus cabhair a fháilt óna pleananna fadthéarmacha agus an churaclam. Déantar measúnú ar an plean ealaíne go rialta
  1. Am
  • Déanfar monatóireacht ar an bplean go rialta.
  • Measúnú
  1. Rólanna agus Freagraíochta
  • Bhí Alma Ní Riain ag dreachtú an plean ceol mar pháirt den post freagrach. Bhí na daoine seo a leanas freagrach as an measúnú freisin.
  • Múinteoirí na scoile___________________________________________________________________________________________________________________
  • An Bord Bainistíocht_________________________________________________
  • Alma Ní Riain___________________________________
  • Na daltaí
  • Na tuismitheoirí
  • Eile
  • An príomhoide
  • Déanfar monatóireacht ar an bplean go rialta.
  1. Am
  • Déanfar athbhreithniú ar an bplean I _______________________
  • Daingniú agus Cumarsáid
  • Deanfaidh an bord bainistíochta an daingniú.
  • Siniú an Cathaoirligh:___________________
  • Déanfar athbhreithniú ar an bplean ar an Mí an Mheithimh 2023
  • Beidh cóip den phlean se oar fail do Bhoird Bainistíochta na scoile agus múinteoirí scoile.
  • Má tá fonn ar aon tuismitheoir é a léamh beidh deis acu e a léamh san oifig ach coinne a dhéanamh roimh ré. Níl cead é a bhaint
  • Ceol. Oideachas Ealaíon An Churaclam
  • Ceol Oideachas Ealaíon Treoirlínte do Mhúinteoirí

  • Daingniú agus Cumarsáid

Daingniú an Bhoird Bhainistíochta: 27/4/09

  • Curaclam Bunscoile: Dramaíochta (1999)

  • Curaclam Bunscoile. Your Child’s Learning: Guidelines for Parents (ar fáil ar láithreán gréasáin an CNCM/NCCA)
  • An Céard, Cén Fáth agus Conas d’fhoghlaim pháistí sa bhunscoil, CNCM (2006)

Suímh Idirlín Úsáideacha

An Clár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile

www.pcsp.ie

Tacaíocht Phleanála

um Fhorbairt Scoile

www.sdps.ie

Cumann Múinteoirí Éireann

www.into.ie

An Chomhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta

www.ncca.ie

Suímh Idirlín Eile

Clár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile

www.pcsp.ie

Seirbhís Pleanála Forbartha Scoile    

www.sdps.ie

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

www.ncca.ie

ENFO

www.enfo.ie

TeachNet Ireland

www.teachnet.ie

Scoilnet

www.scoilnet.ie

Cumann Múinteoirí na hÉireann

www.into.ie